Coláiste Ghlór na Mara

Fáilte Ó na hArdchinnirí

Fáilte Ó na hArdchinnirí

Ardchinnirí Choláiste Ghlór na Mara, 2025-2026

Holly Ní Ruairc, Ardchinnire 2025-2026

A chairde , a thuismitheoirí agus a chuairteoirí,

Fáilte mhór romhaibh go suíomh gréasáin Coláiste Ghlór na Mara! Welcome everyone to our school website! Is mise Holly Ní Ruairc agus is mór an onóir dom a bheith i m’Ardchinnre i mbliana, in éineacht le Cathal. Táim sa séu bliain agus tá áthas orm fáilte a chur romhaibh chuig ár suíomh gréasáin agus ár scoil.

Tá mé ar mhuin na muice as ucht an deis a bheith agam cúpla focal a rá ar son na nArdchinnirí. Our school is a truly special place full of friendship, opportunity, and respect. Ón gcéad lá ar shiúil mé tríd na doirse, mhothaigh mé mar chuid de phobal tacúil ina gcuirtear béim ar spreagadh chun barr feabhais a bhaint amach.

Thar na mblianta, d’oscail Coláiste Ghlór na Mara an oiread sin deiseanna dom. The teachers’ support has been unbelievable, always pushing us to achieve our potential, both inside and outside the classroom. Anois, mar Ardchinnre, ba mhaith liom cuid den tacaíocht agus den chineáltas a thug an pobal seo dom thar na blianta a thabhairt ar ais.

Is scoil í atá bródúil as ár gcultúr agus as ár dteanga. We speak Irish every day, and the language is truly alive in everything we do. Cuidíonn sé linn ár gcultúr agus féiniúlacht a chaomhnú agus tugann sé beocht do gach gné dár saol scoile. Ina theannta sin, tugann sé deis dúinn féin a chur in iúl ar bhealach uathúil le focail agus le nathanna nach bhfuil sa Bhéarla.

Is é meas ceann de na luachanna a shainíonn ár scoil. Respect is one of the values that defines our school. Spreagtar gach dalta meas a bheith acu orthu féin, ar dhaoine eile, agus ar phobal na scoile. It’s something you can really feel in the atmosphere here. Tá guth agus luach ag gach duine anseo.

Gan dabht , tá spórt, ceol, agus drámaíocht lárnach i saol na scoile freisin. Whether you’re on the pitch, the stage, or in the classroom, there’s a place for you to shine. Tá réimse leathan foirne spóirt agus clubanna ar fáil do gach dalta.

Thairis sin, Tá an clár Erasmus+ ar cheann de na deiseanna is spreagúla atá againn.Tugann sé deis iontach dúinn taisteal, foghlaim, agus cairde nua a dhéanamh fud fad na hEorpa.

Baineann ár ndaltaí torthaí acadúla den chéad scoth amach sna scrúduithe Ardteistiméireachta gach bliain, agus táimid thar a bheith bródúil astu. Year after year, CGNM students achieve outstanding academic results and go on to great success.

“Ní neart go cur le chéile.”

I ndáiríre píre, léiríonn an seanfhocal seo spiorad Coláiste Ghlór na Mara. It’s a privilege to represent such an amazing school. Do dhaltaí sa todhchaí , ná bíodh imní oraibh má tá sibh ag mothú neirbhíseach, bíonn ár múinteoirí agus ár gcinnirí iontacha sásta cabhrú libh i gcónaí! Beidh fáilte mhór romhaibh anseo, díreach mar a fuair mé féin.

A chairde má tá éinne anseo idir dhá chomhairle maidir le meánscoil a roghnú, mholfainn Coláiste Ghlór na Mara go láidir. Tá súil againn go gcuirfidh sibh Coláiste Ghlór na Mara san áireamh agus go bhfeicimid sibh anseo an bhliain seo chugainn.

Slán go fóill, agus bainigí sult as ár suíomh gréasáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun eispéireas na scoile a iniúchadh.

Cathal Mac Conchra, Ardchinnire 2025-2026

A dhaoine uaisle, ba mhaith liom fáilte mhór a chur romhaibh chuig Coláiste Ghlór na Mara. Is mise Cathal Mac Conchra, Ardchinnire don scoilbhliain 25/26. I’m delighted to be Head Boy for this academic school year alongside holly, and I look forward to welcoming you into our school community.

Is cuimhin liom go maith, mo chéad lá ag freastal ar CGNM cúig bliana ó shin, agus mé ar tí caibidil nua a thosú. Ní féidir a shéanadh ach go raibh sceitimíní orm, agus mé ag tabhairt aghaidh ar an meánscoil, ach is fíor a rá go ndearna mé an cinneadh cheart CGNM a roghnú mar scoil. It's safe to say I made the right choice in CGNM for my secondary school education as I couldn’t imagine a better school for me. Is minic an deis a chuirtear ar fáil sa scoil seo, idir chúrsaí ceoil, spóirt agus míle rud eile. Is cinnte go bhfuil gníomhaíochtaí den scoth sa scoil seo, a oireann do chách. CGNM has a place for everyone and we have the resources necessary for our entire school community.

Araon leis sin, tá foireann den chéad scoth againn sa scoil seo, a chuidíonn le chuile dhuine, chun a dheimhniú go bhfuilimid ar ár sáimhín só agus muid ag tabhairt faoin oideachas dara leibhéil. Tá caidreamh iontach idir an fhoireann scoile agus daltaí na scoile, rud a chruthaíonn atmaisféar cairdiúil, cuimsitheach agus díograiseach. The spirit and support within our school community is one that enhances our educational journey to create an effective and enjoyable learning atmosphere.

Dár ndóigh, is Gaelcholáiste é an scoil seo. Spreagann Coláiste Ghlór na Mara teanga na tíre seo, chomh maith leis an gcultúr Gaelach - cleachtaí suntasacha i mo bharúil féin. Cé nach mbíonn Gaeilge ag gach duine sa chéad bhliain nuair a thagann siad isteach sa scoil, is fiú moladh a thabhairt don phobal a cruthaíodh sa scoil as ucht a gcuid iarrachtaí chun traidisiún na Gaeilge a choinneáil beo. Mar sin, ná bígí buartha muna bhfuil Gaeilge iontach agaibh go fóill, éireoidh go breá libh, táim cinnte dearfach de!

“Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste”. Don’t worry if you come from an English-medium school, you’ll be fluent in Irish in no time. And I hope that you will grow to love the language as much as I do. It is evident from students who started in this school from an English speaking primary school that they can learn our native language and exceed in it as well.

Ní mór dom a lua go bhfuil idir rath acadúil agus suíomh foghlama taitneamhach le fáil in CGNM, gan trácht ar an gcúrsa idirbhliana iontach atá ar fáil ar scoil. Ní bréag é a rá go mbeidh 6 bliana fiúntacha agat ag freastail anseo, agus torthaí iontacha á bhfáil agaibh le meas agus daoine den scoth mór timpeall ort.

Go raibh céad míle maith agaibh go léir!

Márta 16
2026
Scoil Dúnta/School Closed
Márta 23
2026
Ceoldráma: Disco Inferno
Márta 27
2026
Laethanta Saoire na Cásca/Easter Holidays @ 12.45
Aib 13
2026
Filleadh ar Scoil/Return to School
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2026 Coláiste Ghlór na Mara