Coláiste Ghlór na Mara

Erasmus +

erasmus+ logo.

Glacann Coláiste Ghlór na Mara páirt i gclár Eorpach darbh ainm Erasmus+. Nasctar an scoil le hinstitiúidí eile san Eoraip agus oibríonn daltaí agus múinteoirí an chláir ó na tíortha éagsúla ar thograí le chéile, ag an am céanna. Osclaítear meoin ár ndaltaí chuig cultúir nua agus saibhrítear a saolta dá bharr. Tá leathanach Twitter ár gcláir le fáil anseo.

Ó 2021 ar aghaidh, tá Coláiste Ghlór na Mara nasctha le Escola Secundária Francisco de Holanda, Guimarães, An Phortaingéil.

Teideal an tionscnaimh: Turasóireacht Chultúrtha & Chósta: An Bhainistíocht Inbhuanaitheach chun fostaíocht a chruthú agus a fheabhsú.

Idir 2018 agus 2020, bhí Coláiste Ghlór na Mara nasctha le IES O Ribeiro, Ribadavia, An Spáinn.

Teideal an tionscnaimh: Bailte Mheánaoiseacha, Inbhuanaitheacht agus nascadh bailte san Aontas Eorpach. Tá blag i mBéarla/Gaeilge faoin dtionscnamh sin le léamh anseo.

Beal 19
2026
Searmanas Dalta na Bliana/Student of the Year Awards Ceremony
Beal 20
2026
Searmanas Gradaim Bliana 6/6th Year Graduation Ceremony - Scoil críochnaithe @ 12.45
Beal 25
2026
Scrúduithe Samhraidh/Summer Exams - Bliain 1, 2, 5
© 2026 Coláiste Ghlór na Mara