Comhairle na nDaltaí, 2020-2021
Tugann Comhairle na nDaltaí guth do mhic léinn i bpobal na scoile. Is í Múinteoir Niamh a bhíonn i mbun na comhairle á reáchtáil.
Is í an phríomhaidhm atá ag Comhairle na nDaltaí ná nasc a chruthú idir na daltaí agus bainistíocht na scoile. Ligeann Comhairle na nDaltaí do mhic léinn fadhbanna a bhaineann le saol na mac léinn a phlé, áiseanna scoile a fheabhsú agus imní gach bliainghrúpa a chur in iúl.
Tá toghchán bliantúil ann, áit a gcaithfidh mic léinn vótáil ar son na comhairle. Is iad ionadaithe Chomhairle na nDaltaí 2020/2021 ná:
· Holly Ní Bhruacháin
· Jack Ó Murchú
· Laoise Ní Mhuircheartaigh
· Harry Pacelli
· Bríon Mac Aoidh
· Clara Ní Mharcacháin Ní Loingsigh
· Sienna Nic Roibeaird
· Chloe Ní Bhraonáin Nic Mhathúna
· Tadhg Ó Raghallaigh
· Béibhinn Ní Dhúill
· Lillyann Ní Sheibhleáin
Tá neart oibre déanta ag an gComhairle go dtí seo agus i measc na hoibre sin ná:
· Airgead a bailíodh don charthanas BelongTo
· Airgead a bailíodh don charthanas Irish Cancer Society
· Laethanta scannáin don chéad agus don dara bliain
· An Shoe Box Appeal
· Ag ceannach crann Nollag don leabharlann