Coláiste Ghlór na Mara

Club Grianghrafadóireachta

Club Grianghrafadóireachta

Buaileann daltaí na scoile le chéile ag am lóin Dé Céadaoin, in éineacht le Múinteoir Cliodhna chunscileanna, leideanna agus taithí grianghrafadóireachta a roinnt agus a fhoghlaim.

Tá sé de chumhacht ag grianghraif iontacha smaointe a chur in iúl, mothúcháin a mhúscailt agus muid a thabhairt chuig áiteanna atá i bhfad i gcéin. Feicimid grianghraif i ngach áit - ar an teilifís agus ar ghréasán idirlíne, sna meáin shóisialta, i leabhair agus in aipeanna. Insíonn grianghraif scéalta dúinn faoi dhaoine agus rudaí timpeall orainn agus nochtann siad iontais nár thugamar faoi deara ar an gcéad amharc.

Leis na milliúin grianghraf go léir a thógtar agus a roinntear gach lá, cad a chuireann ar íomhá amháin seasamh amach níos mó ná a chéile? Sa chlub seo, fiosróidh na daltaí buneilimintí grianghrafadóireachta ag baint úsáide as na haipeanna ‘Photos’ agus ‘Ceamara’ ar an iPad agus cleachtfaidh siad teicnící chun a scéalta grianghrafacha féin a insint.

Gach seachtain, beidh comórtas téamaí ann le haghaidh ‘grianghraf na seachtaine’ agus foilseofar anseo iad ar shuíomh gréasáin na scoile.

Seachtain 1: Gnáthrudaí ón nGnáthshaol. Buaiteoir: Liam Ó Domhnaill, Rang Bóirimhe

Image.jpeg

Seachtain 2: Íomhánna a fháil ón idirlíon agus iad a mhodhnú. Buaiteoir: Matthew Ó hAodha, Rang Bóirimhe

Screenshot 2021-10-15 at 12.38.30 p.m..png

Seachtain 3: An Fómhar. Buaiteoir: Liam Ó Domhnaill, Rang Bóirimhe

Image.jpeg

Seachtain 4: Tírdhreacha agus Scála. Buaiteoir: Chloe Ní Raifeartaigh, Rang Oscar.

Image.jpeg

Seachtain 5: An Nollaig. Buaiteoir: Aoibheann Butterly, Rang Bóirimhe

Image.jpeg

Seachtain 6: Eanáir Ghorm. Buaiteoir: Chloe Ní Raifeartaigh (Rang Oscar)

Image.jpeg

Seachtain 7: 'Green Screen/Scáileán Glas'. Buaiteoir: Liam Ó Dómhnaill (Rang Bóirimhe)

Image.jpeg

Seachtain 8: 'Kinemaster.' Buaiteoir: Matthew Ó hAodha (Rang Bóirimhe)

Image.jpeg

Seachtain 9: 'Mo Bhaile' Buaiteoir: Liam Ó Domhnaill, (Rang Bóroimhe)

Image.jpeg

D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara