Coláiste Ghlór na Mara

Cispheil (Basketball)

Cispheil (Basketball)

Ó thaobh an spóirt de, tá cispheil mar chroí-lár na scoile i gColáiste Ghlór na Mara. Bunaíodh foireann chispheile sa scoil in 2017 agus cé nach bhfuil an scoil tar éis Craobh Bhaile Átha Cliath a bhuachan go fóill, téimid ó neart go neart gach aon bhliain. Léiríonn ár n-imreoirí ceannaireacht, spiorad agus díograis ó thús deiridh gach cluiche.

Tá halla spóirt galánta nua againn agus is anseo a dhéantar an traenáil agus a chuirtear cluichí ar siúl. Is iad Múinteoir Katie agus Múinteoir Fiona a chuireann traenáil chispheile ar siúl sa scoil. Míle buíochas lenár n-urraitheoirí Naoínra Helga, Duffy Plumbing & Heating agus McFaddens.

Seo a leanas na foirne a bhíonn i mbun cleachtaidh agus cluichí go rialta:

  • Bliain 1 Cailíní

  • Bliain 1 Buachaillí

  • Bliain 2 Cailíní

  • Bliain 2 Buachaillí

  • F16 Cailíní

  • F16 Buachaillí

  • F19 Cailíní

  • F19 Buachaillí

Aib 01
2023
Laethanta Saoire na Cásca (Easter Holidays)
Bealt 01
2023
Lá Saoire Bainc (Bank Holiday)
Bealt 02
2023
Scoil Dúnta (School Closed)
Bealt 29
2023
Scrúduithe Tí (In-house exams)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara