Coláiste Ghlór na Mara

Ceoldráma

Ceoldráma

Cúis bhróid don scoil í an ceoldráma bliantúil, curtha i láthair ag an Idirbhliain le stiúradh ár múinteoirí ceoldrámaíochta. Léiríodh ár gcéad cheoldráma sa bhliain 2018, agus tá an tionscnamh ag dul ó neart go neart ó shin.

Bunaítear an ceoldráma ar theidil cháiliúla ó Broaday/The West End ach cuireann muid ár stampa áitiúil orthu i gcónaí, in éineacht le haistriúcháin iomlán go Gaeilge; na hamhráin san áireamh.

Cuirtear fáilte Uí Cheallaigh gach bliain roimh na bunscoileanna lán-Ghaeilge áitiúla chun leagan aois-oiriúnach den léiriúcháin a fheiceáil ar stáitse, i rith an lae. Chomh maith leis sin, cuirtear seó lae ar siúl do dhaltaí meánscoile a bhfuil dúil acu a gcuid Gaeilge a chleachtadh taobh amuigh dá seomraí ranga féin. Buaicphointe an tionscnaimh, áfach, ná na seónna oíche. Tugtar deis do na haisteoirí agus amhránaithe bliain iomlán oibre a léiriú dá muintir ar stáitse na scoile, le soilse, ceamaraí agus atmaisféar draíochta timpeall orthu.

I ngach léiriúcháin atá déanta ag Coláiste Ghlór na Mara go dtí seo, chríochnaigh an seó deireanach leis an lucht féachana ina seasamh chun bualadh bos a thabhairt do na haisteoirí agus do na hamhránaithe. Críochnaíonn an tionscnamh le cuimhní iontacha a fhanann leis na daltaí go deo.

Léiriúcháin go dtí seo:

2023: 'Breáthacht agus an Brúid'

2022: 'Na Commitments'

Brúigh anseo chun 'Na Commitments' a fheiceáil

78889397-3A67-4811-8D1E-6CA84BD61F07.JPG

2021: 'Siar Chuig na 80í' (Gearrscannán, de bharr srianta COVID19)

Brúigh anseo chun 'Siar Chuig na 80í' a fheiceáil

siar chuig na 80i.jpeg

2020: 'Grease Beo go Deo'

grease 5.jpeg

2019: 'Sister Acht'

sister acht 2.jpeg

2018: 'Mamma Mia: Stíl Bhaile Brigín'

mamma mia 4.jpeg

Aib 01
2023
Laethanta Saoire na Cásca (Easter Holidays)
Bealt 01
2023
Lá Saoire Bainc (Bank Holiday)
Bealt 02
2023
Scoil Dúnta (School Closed)
Bealt 29
2023
Scrúduithe Tí (In-house exams)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara