Coláiste Ghlór na Mara

An Spórtlann (Gym)

An Spórtlann (Gym)

An spórtlann ná spás atá feistithe go hiomlán chun tacú le folláine agus forbairt choirp ár ndaltaí. Tugann an áis seo deis do gach dalta a neart agus a ríocht choirp a fheabhsú agus nósanna sláintiúla saoil a fhorbairt. Tá ár spórtlann feistithe le meaisíní rámhaíochta, rothair sheasta agus meaisín reatha. Tá rogha ag na daltaí idir mheaisíní friotaíochta socraithe agus mheáchain shaora lena n-áirítear tromán lúith, barra meáchan, agus binsí inchoigeartaithe. Cuireann an meascán seo ar chumas daltaí cleachtaí nirt agus gluaiseachtaí a dhéanamh go sábháilte. Cuidíonn an trealamh seo le forbairt nirt matánaigh, seasmhachta agus cumhachta.

Tá trealamh eile againn fosta, amhail tromán cluasach, liathroidí meáchain, mataí agus boscaí pliomeitreacha. Bíonn seans ag na daltaí an spórtlann a úsáid ins an dara bliain nuair dhéanann siad bloc 6 seachtain ‘gníomhaíocht choirp a bhaineann le sláinte’, seo réamhrá don giom agus do ghluaiseachtaí lena chinntiú go bhfoghlaimíonn na daltaí conas a dhéanann siad iad i gceart. Ins an tríú bliain tá an MRB dírithe ar chorpacmhainn a bhaineann le sláinte, agus is feidir leis na daltaí a gcuid pleananna traenála féin a dhearadh.

Tá an spórtlann riactanach do Chorpoideachas na hArdteistiméireachta. Glacann daltaí páirt i dtástálacha feidhmíochta, bailíonn siad sonraí, agus déanann siad anailís ar a bhforbairt fhisiciúil. Tugann an t-aonad seo deis dóibh an eolaíocht taobh thiar den aclaíocht a thuiscint trí chleachtas praiticiúil.

Is mian linn cinntiú go bhfuil an aclaíocht inrochtana agus taitneamhach do gach dalta. Is timpeallacht fháilteach í an Spórtlann inar féidir le daltaí spriocanna pearsanta a bhaint amach, muinín a chothú, agus tacú lena chéile trí iarracht agus comhoibriú.

Le forbairt leanúnach ár n-áiseanna spóirt, tá muid tiomanta daltaí uile na scoile a spreagadh le gluaiseacht, le foghlaim agus le barr feabhais a bhaint amach.


The gym is a space that is fully equipped to support the physical fitness and development of our students. This facility provides each student with the opportunity to improve their strength and conditioning and develop healthy lifestyle habits. Our gym is equipped with rowing machines, stationary bikes and treadmills. Students have a choice of fixed machines and free weights including dumbbells, barbells and benches. This combination allows students to perform each exercise safely. This equipment helps develop muscular strength, endurance and power.

We also have portable equipment, such as kettlebells, weight balls, mats and plyometric boxes. Students have the opportunity to use the gym in their second year when they do a 6 week ‘health-related physical activity’ block, this is an introduction to the gym and movements to ensure students learn how to do them correctly. In their third year the CBA focuses on health-related physical fitness, and students can design their own training plans.

The gym is essential for the Leaving Certificate Physical Education (LCPE). Students take part in performance tests, collect data, and analyse their physical development. This unit gives them the opportunity to understand the science behind exercise through practical practice.

We want to ensure that exercise is accessible and enjoyable for all students. The Sports Centre is a welcoming environment where students can achieve personal goals, build confidence, and support each other through effort and together.

With the ongoing development of our sports facilities, we are committed to encouraging all students in the school to move, learn and achieve their best.

Noll 19
2025
Laethanta Saoire na Nollag/Christmas Holidays @ 10.30
Ean 05
2026
Filleadh ar Scoil/Return to School
Ean 22
2026
Cruinniú Tuismitheoirí Bliain 2/2nd Year Parent Teacher Meetings
Feabh 02
2026
Lá Saoire Bainc/Bank Holiday
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara