Coláiste Ghlór na Mara

An Ghaeilge

An Ghaeilge

An Idirbhliain i gColáiste UISCE, Gaeltacht Iorrais, Co. Mhaigh Eo. 2019

Polasaí Gaeilge an Choláiste

Is í an Ghaeilge príomhtheanga na scoile. Mar thoradh air sin, tá stádas ar leith aici i saol iomlán phobal na scoile.

Is scoil lán Ghaeilge í Coláiste Ghlór na Mara agus baintear úsáid as an tumoideachas chun an teanga a chur chun cinn sa scoil.

Dualgais ó thaobh na Gaeilge de:

• Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile agus is í a labhraíonn na múinteoirí eatarthu féin agus leis na scoláirí. Labhraíonn na scoláirí an Ghaeilge eatarthu féin agus is í a labhraítear le cuairteoirí chun na scoile freisin, ach amháin sa chás nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag na cuairteoirí sin.

• Bíonn an scoil ag súil go mbainfidh na scoláirí úsáid as an Ghaeilge ag gach imeacht scoile: turais, cluichí, srl.

• Feidhmníonn Bord Bainistíochta na scoile trí mheán na Gaeilge chomh fada agus is féidir.

• Tapóidh an scoil gach aon deis an Ghaeilge agus an cultúr na Gaeilge a chur chun cinn.

• Déanfaidh an scoil cinnte de go bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge ag foireann na scoile uilig chun a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Spreagadh na Gaeilge

Bíonn an bhéim i gcónaí ar an teanga a spreagadh go dearfach. I measc na modhanna chun an teanga a chur chun cinn i measc na ndaltaí, tá:

• Drámaíocht

• Díospóireachtaí

• Duaiseanna

• Seachtain na Gaeilge

• Comórtais idir-ranganna

• Comharthaíocht spreagtha

Aib 01
2023
Laethanta Saoire na Cásca (Easter Holidays)
Bealt 01
2023
Lá Saoire Bainc (Bank Holiday)
Bealt 02
2023
Scoil Dúnta (School Closed)
Bealt 29
2023
Scrúduithe Tí (In-house exams)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara