Seachtain thábhachtach a bhí ann do chúrsaí cispheile anseo i gColáiste Ghlór na Mara, le dhá chluiche leathcheannais ag imreoirí na chéad bliana.
Dé Céadaoin seo caite, throid buachaillí na chéad bliana i gcoinne Pobalscoil Bhaile Brigín. Ó thús an chluiche, léirigh CGNM na scileanna cispheile is fearr agus iad faoi stiúir ag an gcaptaen Cian Ó Crualaoich. Bhí siad níos tapúla, níos cosantaí agus bhí sé soiléir gur theastaigh an bua seo níos mó uathu. Rinne Baile Brigín dul chun cinn maith sa dara cheathrú, ach bhain na leaids an bua amach le scór deiridh de 20-8. Bhí an-chluiche ag Luke Ó Giobúin ach go háirithe, le 6 phointe.
Tar éis bua iontach na leaids, theastaigh ó chailíní CGNM an éacht chéanna a bhaint amach i gcoinne Pobailscoil Chúl Mín. Tús mall a bhí ann, le troid dhúshlánach sa chéad cheathrú (2-2), ach léim CGNM chun tosaigh le scór 16-2 ag leath-am. Le Grace Ní Mhuiris agus Sarah Ní Aodha ag cosaint go dian, ní raibh deis ag Cúl Mín teacht ar ais in aon chor! D’éirigh le hAli Ní Caomhánaigh 8 phointe a ghnóthú. Bua eile den scoth d’imreoirí chispheile Choláiste Ghlór na Mara le críoch 24-14.
Tá an dá fhoireann anois le himirt i gCraobh Bhaile Átha Cliath ar son na scoile ar an 5ú Aibreán. Beidh craobh na mbuachaillí ar siúl sa Láthair Náisiúnta Chispheile agus craobh na gcailíní ar siúl sa Láthair Inse Chóir. Guímid gach rath orthu!
Míle buíochas le lucht bainistíochta na foirne; Múinteoirí Katie, David, Fiona agus traenálaí Síofra, Emmett, Daniel & Eoin.
- Emmett Ó Broin