Coláiste Ghlór na Mara

Bua láidir sna cluichí ceathrú-ceannais cispheile!

03-Nollaig-21
Bua láidir sna cluichí ceathrú-ceannais cispheile!

Foireann Shinsir in éineacht le Múinteoir Katie agus a dtraenálaí Eric

Bhí dhá chluiche den scoth ag buachaillí faoi 16 agus faoi 19 sna cluichí ceathrú-ceannais an tseachtain seo caite.

B'iomaitheoirí iontacha iad Scoil Oideachas Le Chéile Bremore, ag críochnú le scór de 29-27. Léirigh Conor Ó Crualaíoch a scileanna ceannaireachta ar an gcúirt lena mheon dearfach agus 17 bpointe aige chun an fhoireann a stiúradh i dtreo an chluiche leathcheannais.

Ní raibh an fhoireann faoi 19 faoin méid brú céanna ina gcluiche i gcoinne Coláiste Pobail Lusca; 32-16. Bhí cur chuige uile-foirne ann ó thaobh an 32 pointe deas. Is é Ryan Ó hAilpín captaen na foirne agus bhíodar faoi stiúradh an treoraí imeartha #4, Pádraic Mac Eochaidh, le 5 phointe sa chluiche.

Tá pobal na scoile ag súil go mór leis na cluichí leathcheannais a bheidh ar siúl ar an 08ú Nollaig i gcúirteanna Choláiste Ghlór na Mara. Go n-éirí go geal libh!

Aib 01
2023
Laethanta Saoire na Cásca (Easter Holidays)
Bealt 01
2023
Lá Saoire Bainc (Bank Holiday)
Bealt 02
2023
Scoil Dúnta (School Closed)
Bealt 29
2023
Scrúduithe Tí (In-house exams)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara