Coláiste Ghlór na Mara

Tús Nua (Cúrsa Ionduchtaithe do Bhliain 1)

Tús Nua (Cúrsa Ionduchtaithe do Bhliain 1)

Bliain 1 ag Trá Bhaile Brigín, 2022

Tús Maith, leath na hoibre mar a deir an seanfhocal. Agus is léir go raibh tús maith ag muintir na chéad bhliana anseo linne i Coláiste Ghlór na Mara i mbliana. Tá siad tar éis iarracht den scoth a dhéanamh leis na himeachtaí a eagraíodh dóibh le linn na míosa.

D’fhéadfadh le tús na meánscoile a bheith sceitimíneach agus iomarcach do scoláirí nua agus do thuismitheoirí fosta. Sin an fáth gur cuireadh tús leis an gclár ionduchtaithe, ‘Tús Maith’ i mbliana i gColáiste Ghlór na Mara, ionas go n–éireodh an t-aistriúchán sin níos fusa. Aimsíonn na scoláirí eolas faoin misneach atá againn iontu, faoin bhfreagracht atá orthu mar scoláirí agus faoin tslí a feidhmíonn an scoil ó lá go lá.

Foghlaimíonn siad fosta conas a athmhachnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar a gcuid foghlama ag leibhéal na meánscoile agus faoin tacaíocht atá ar fáil dóibh mar bhall de pobal na scoile leis na gnéithe sóisialta, mothúchánacha agus pearsanta den aistriúchán seo. Rinneadh imeachtaí éagsúla le linn na míosa; píosa machnaimh, roinnt turais timpeall na scoile, cluiche intreoracha agus conas ord agus eagar a chur ar na dtaisceadáin. D’fhiosraigh siad ainm an bhunranga agus bhí imeachtaí spóirt acu ar an Aoine. Ach, bhí an siúlóid chuig an trá mar buaicphointe an chláir de bharr na dea-aimsire a bhí acu ar an lá!

Mar fhocal scoir, ba mhaith linne míle buíochas a rá leis na hoidí ranga atá acu, Múinteoirí Amy, Caroline, Macdara agus Orna agus leis a gceannaire bliana, Múinteoir Alice as ucht na dian-oibre a rinne siad leo, agus, dar ndóigh, buíochas mór ó chroí a thabhairt chuig na gcinnirí scoile atá ag tacú agus ag cabhrú leo.

Aib 14
2025
Laethanta Saoire na Cásca/Easter Holidays
Bealt 05
2025
Lá Saoire Bainc/Bank Holiday
Bealt 09
2025
Turas Thar Lear/TY International Trip (Germany and Austria)
Bealt 16
2025
Searmanas na hIdirbhliana/TY Graduation Ceremony
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara