Gradaim na hIdirbhliana 2021:
Ba mhór an onóir inné do Mhúinteoirí Andrea (Comhordaitheoir Cláir), Katie (Ceannaire Bliana) agus Foireann na hIdirbhliana ar fad, gradaim an-speisialta a bhronnadh ar dhaltaí na hIdirbhliana 2020-21. Chonaiceamar go léir sibh ag fás agus ag aibiú ar bhur dturais phearsanta san Idirbhliain i mbliana agus táimid fíorbhródúil as gach uile duine agaibh.
Cé gur bliain an-dhúshlánach a bhí ann ar scoil, fós chaitheamar bliain den scoth le chéile go pearsanta agus thar Teams chomh maith. Chuir Covíd 19 brú orainn pleananna a chur ar ceal agus cúrsaí a athrú ag an bpointe deireanach ach d’éirigh libh an taobh dearfach a léiriú i gcónaí!
Tá súil againn gur bhain sibh taitneamh agus luach as Clár na hIdirbhliana agus go bhfuil sé de chumas oraibh anois creidiúint ionaibh féin, bhur mbrionglóidí a leanúint agus a bheith ar an eolas gur féidir libh aon rud a dhéanamh má chuireann sibh an iarracht isteach. Guímid gach rath oraibh agus sibh ag tosú ar thuras na hArdteistiméireachta don bhliain seo chugainn.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le tuismitheoirí na hIdirbhliana, a bhí ann mar thacaíocht ollmhór daoibhse agus dúinne mar fhoireann. Bainigí taitneamh as laethanta saoire an tSamhraidh atá tuillte go mór agaibh!
Teastais/Gradaim Speisialta:
Máistreacht sa Gaeilge: Daniel Ó Faircheallaigh, Aoife Nic Giolla Phádraig, Sorcha Nic Giolla Rua & Lia Ní Chochláin
Tallann sa Rang Spáinnise: Lia Ní Chochláin
Tallann sa Rang Fraincise: Aoife Nic Giolla Phádraig
Tallann sa Cheol: Conor Ó Dúil & George Ó Cearmada
Ealaíon: Sam Ní Éimhín Ní Chairealláin, Sorcha Nic an Aba & Aoife Nic Giolla Phádraig
Cócairí na hIdirbhliana: Hannah Ní Chathasaigh, Luke Ashmore, Zara Ní Fhearghaile
Béarla: Katie Nic Oirc, Amara Ní Bhroin & Sorcha Nic an Aba
Fiontraí: Lia Ní Chochláin, Sorcha Nic Giolla Rua & Lucy Ní Mhaoilmhána
Eolaíocht san Idirbhliain: Amara Ní Bhroin & Patrick Ó Cléirigh
Staraithe na hIdirbhliana: Aoife Nic GP agus Keisha Ní Phlanda
Oibrí Deonach: Sorcha Nic Giolla Rua, Hannah Ní Thomhnair & Eimear Cinnsealach
Ceannaireacht sa Spórt: John Ó Cleirigh, Evan Neumann & Kelli Ní Chárthaigh
Coiste Folláine: Sorcha Nic Giolla Rua, Dorota Kaminska
Píolóta na hIdirbhliana: Katie Ní Aimheirgín
Bainisteoir an Cheoldráma: Daniel Ó Faircheallaigh
Aitheantas Speisialta (Múinteoirí Damhsa): Sophie Ní Mhantáin, Holly Píc, Saoirse Ní Ghiobúin, Kate Ní Lia, Kelli Ní Chárthaigh & Kate Nic Cionnaith
Aisteoirí is fearr: Caolán Ó Raghallaigh agus Zara Ní Fhearghaile
Gradaim na nOidí Ranga:
Ceannaireacht san Idirbhliain: Captaein Ranga- Sophie Ní Mhantáin, Leo Mac Stiofáin, John Ó Cléirigh
Tiomantas san Idirbhliain: Sorcha Nic Giolla Rua, Daniel Ó Faircheallaigh & Caolán Ó Raghallaigh
Díograis san Idirbhliain: Isabella Ní Mharcacháin-Ní Loingsigh, Cian Ó Ceallacháin & Aoife Nic Giolla Phádraig
Forbairt Phearsanta: Charlotte Ní Fhógartaigh, Eimear Cinnsealach & Katie Ní Aimheirgín
Daltaí na hIdirbhliana 2020-21:
Sorcha Nic Giolla Rua & John Ó Cléirigh