Coláiste Ghlór na Mara

Gradaim Bhliain 6 2021

Gradaim Bhliain 6 2021

Gradaim Bhliain 6 2021:

Ba mhór an onóir dúinn gradaim Bhliain 6 2021 a bhronnadh ar Rang Setanta agus Rang Cú Chulainn ar an 27ú Bealtaine 2021. Táimid ar fad chomh buíoch as an dea-aimsir a bhí againn don ócáid!

Is ceiliúradh a bhí ann ar an eispéireas, an fhorbairt agus an turas atá déanta ag an ngrúpa seo le linn na sé bliana a chaith siad anseo i gColáiste Ghlór na Mara. Táimid an-bhródúil as na héachtaí ar fad atá bainte amach ag an ngrúpa seo go hacadúil agus go seach-churaclaim.

Táimid ar fad mar fhoireann ar bís don todhchaí don ghrúpa seo mar tá poitéinsiúil iontu ar fad a gcuid brionglóid a leanúint agus barr a gcumais a bhaint amach pé slí nó gairm a roghnaíonn siad.

Ba bhreá le foireann CGNM gach rath a ghuí ar an ngrúpa speisialta seo. Coinnígí i dteagmháil linn, a chairde, agus buail isteach chugainn sa todhchaí.

Míle buíochas do gach tuismitheoir a chabhraigh linn an lá a reáchtáil inniu leis an mbia álainn. Is lá iontach speisialta a bhí ann agus cuimhneoidh na daltaí air seo go deo.

Míle buíochas do gach ball foirne a chabhraigh leis na hullmhúcháin/eagrúcháin don lá inniu, freisin.

Slán agus go n-eirí an bóthar libh ar fad!

Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021Gradaim Bhliain 6 2021
Meith 04
2025
Scrúduithe Stáit/State Examinations (Bliain 3 agus 6)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara