Cinnirí na Scoile in éineacht le Múinteoir Siobhán, Ceannaire Bliana (Bliain 6)
Ba mhaith linn fáilte is fiche a chur roimh phobal uile na scoile agus muid ar ais i bhfoirgneamh Choláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín. Tá súil againn go raibh samhradh suaimhneach agus rathúil ag gach uile duine agaibh. Bhí seachtain ghnóthach ag foireann na scoile, ag cur aithne ar ár gcomhghleacaithe nua-thagtha agus ag obair le cinnirí nua na scoile.
Chabhraigh ár gcinnirí go mór le daltaí na chéad bhliana a thrasnaigh príomhdhoras na scoile den chéad uair ar Déardaoin an 26ú Lúnasa. Bhuail Bliain 1 leis an bPríomhoide agus leis an Leas-Phríomhoide, in éineacht lena gCeannaire Bliana, Múinteoir Fionnuala, agus lena n-oidí ranga. Níos tábhachtaí fós, bronnadh uirlis thar a bheith tábhachtach ar dhaltaí na chéad bhliana go léir: a gcuid iPadanna féin!
Seo thíos ár ranganna nua i mBliain 1 agus na hOidí Raga atá acu:
Bóirimhe - Múinteoir Danielle
Cú Chulainn - Múinteoir Katie Biggins
Oscar - Múinteoir Rónán
Setanta - Múinteoir Cliodhna
Shocraigh Bliain 2 ar ais ar scoil ar Aoine an 27ú Lúnasa agus buailfidh muid arís le Rang Lir agus Bliain 5 ar Luan an 30ú Lúnasa, Bliain 4 ar Mháirt an 31ú Lúnasa, Bliain 3 ar Chéadaoin an 1ú Meán Fómhair agus Bliain 6 ar Déardaoin an 2ú Meán Fómhair. Beidh lá iomlán ranganna ar siúl ag cách ar Aoine an 3ú Meán Fómhair.
Guíonn muid gach uile rath oraibh, a chairde, agus bliain scoile den scoth os ár gcomhair. Má bhíonn ceist ar bith agaibh, ná bíodh faitíos oraibh dul i dteagmháil le Ceannaire Bliana bhur bpáistí. Sonraí ag bun an leathanaigh seo.
We hope you've all had a wonderful summer and we would like to welcome our entire community back to Coláiste Ghlór na Mara, Balbriggan. The school staff have had a busy week in school, welcoming our new múinteoirí, cúntóirí and 6th year cinnirí (prefects).
To begin their year as mentors and role-models for all students, our cinnirí helped our new 1st Year students settle in on Thursday 26th August; their first day of secondary school. Our 1st Years met with their new Year Head, Múinteoir Fionnuala, received their iPads, and joined their classmates in their new class groups. Please see below a list of our 1st Year class groups along with their Tutors:
Bóirimhe - Múinteoir Danielle
Cú Chulainn - Múinteoir Katie Biggins
Oscar - Múinteoir Rónán
Setanta - Múinteoir Cliodhna
Our 2nd Year students got a chance to settle back in on Friday 27th August and we look forward to seeing Rang Lir and our 5th Years on Monday 30th August, Transition Year students on Tuesday 31st August, 3rd Years on 1st September and 6th Years on Thursday 2nd September. Regular timetabled classes will commence for all students on Friday 3rd September.
We're sure this will be an exciting, enjoyable and memorable year for all and we wish staff, students, parents and guardians every success in the coming months. If you've any questions, please don't hesitate to contact your child's year head by email:
Bliain 1: fionnuala@cgnm.ie
Bliain 2: philip@cgnm.ie
Bliain 3: fiachra@cgnm.ie
Bliain 4: andrea@cgnm.ie
Bliain 5: katie@cgnm.ie
Bliain 6: siobhan@cgnm.ie