Coláiste Ghlór na Mara

Éide Scoile (School Uniform)

Tacaíonn éadaí sábháilte agus oiriúnacha go mór leis an bhfoghlaim. Creidtear i gColáiste Ghlór na Mara, gur cuid lárnach d’éiteas na scoile an chulaith scoile, agus go bhfuil ról tábhachtach aige chun iompar dearfach, aitheantas agus bród scoile a chothú, agus le cuimsiú a chothú i measc daltaí ó gach cúlra agus cine, saor ó bhrú sóisialta chun gléasadh ar chuma áirithe nó eile.

Cothaíonn an t-éide scoile aontas agus gaoil dearfacha idir daltaí, a thacaíonn ardchaighdeán teagaisc agus foghlama. Is siombail láidir dár bpobal foghlama an t-éide scoile, a dhear ár gcéad daltaí agus a dtuismitheoirí nuair a bunaíodh an scoil in 2014. Léiríonn sé ár mbród scoile, agus mar sin, coimeádtar go slachtmhar é i gcónaí.

S’éard atá i gceist le culaith scoile Choláiste Ghlór na Mara ná:

  • Geansaí dearg le suaitheantas na scoile
  • Léine bán
  • Carbhat liath agus dearg
  • Sciorta/Brístí liatha do chailíní
  • Bristí liath do bhuachaillí
  • Riteoga/stocaí liatha do chailíní
  • Stocaí liath / dubha / dúghorm do bhuachaillí
  • Bróga dubha ísle leathair iomláin (ní bróga reatha)
  • Cóta dearg le suaitheantas na scoile

Tá geansaí, cóta, carbhat na scoile ar fáil ó McFaddens i mBaile Brigín (01) 841 3891.

Ba chóir aird ar leith a thabhairt ar na pointí seo a leanas:

  • Táthar ag súil le hardchaighdéan glaineachta ó gach dalta.
  • Caitear cóta na scoile amháin ag taisteal chuig nó ón scoil agus ag imeachtaí scoile.
  • Baintear cóta na scoile ar shroichint na scoile, agus ní chaitear i bhfoirgneamh na scoile í.
  • Baintear hataí, lámhainní, scairfeanna mar aon leis an gcóta ar shroichint na scoile.
  • Níl sé de dhualgais ar dhaltaí an carbhat scoile a chaitheamh ach amháin nuair nach bhfuil an geansaí scoile á chaitheamh acu.
  • Caithfear sciorta na gcailíní a bheith ar fad níos ísle ná na glúine agus níos airde ná an rúitín.
  • Caithfear brístí na mbuachaillí a bheith ar fhad oiriúnach (barr na mbróga), le stocaí cuí.
  • Níor cheart go mbeadh aon chuid de chosa na mbuachaillí le feiceáil agus iad san éide scoile.
  • Ba chóir don léine a bheith curtha laistigh den bhríste nó sciorta, dúnta go hiomlán.
  • Ba cheart ainm an dalta a bheith ar an ngeansaí / cóta scoile
  • Níl an scoil freagrach as gnéithe den éide scoile a chailltear, a ghoidtear nó ar a ndéantar damáiste.
  • Tá cead ag an scoil aon seodra atá ag dalta gur bhaol sláinte agus sábháilteachta é, a thógáil ón dalta.
Aib 01
2023
Laethanta Saoire na Cásca (Easter Holidays)
Bealt 01
2023
Lá Saoire Bainc (Bank Holiday)
Bealt 02
2023
Scoil Dúnta (School Closed)
Bealt 29
2023
Scrúduithe Tí (In-house exams)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara