Daltaí na Bliana: Bealtaine 2021
Comhghairdeas le Daltaí na Bliana don scoilbhliain 2020/2021!
Bronnadh na gradaim seo ar dhaltaí a rinne sár-iarracht i mbliana thar réimse leathan d'imeachtaí agus cúrsaí curaclaim/seach-churaclaim.
Táimid fíorbhródúil as ár ndaltaí as ucht na hathléimneachta atá léirithe acu i mbliana. Bhí orthu déileáil le rialacha Covid nua ag tús na bliana, obair a dhéanamh ón mbaile agus ansin tháinig siad ar ais ar scoil arís, ag dul i dtaithí i gcónaí ar thimpeallachtaí foghlama nua.
Tá gradaim an-speisialta ar fad i gColáiste Ghlór na Mara a bhronntar ar dhaltaí a léiríonn cumas den chéad scoth i réimsí ar leith. Na duaiseanna seo ná: Dalta Acadúil na Bliana, Gaeilgeoir na Bliana, Gradam Cultúrtha na Bliana, Réaltaí Spóirt na Bliana agus Spiorad an Choláiste.
Bronnadh duaiseanna freisin ar dhaltaí ó Bhliain 6 na bliana seo caite, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair iontach a chuir siadsan i gcrích agus iad linn. Tá muid ag súil go mór le fáilte a chur rompu arís ar scoil go luath chun a nduaiseanna a bhailiú.
Tá súil againn go mbeidh samhradh den chéad scoth ag ár ndaltaí agus ar phobal uile na scoile. Feicfidh muid a chéile arís an scoilbhliain seo chugainn.
2020/2021
Dalta Acadúil na Bliana - Faye Wardell
Gaeilgeoir na Bliana - Aoife Nic Aoidh
Gradam Cultúrtha na Bliana - Zara Ní Fhearghaile
Réalta Spóirt na Bliana (Buachaill) - Ben Mac Thiarnáin
Réalta Spóirt na Bliana (Cailín) - Sinéad Cinsealach
Spiorad an Choláiste - Ryan Ó hAilpín
Daltaí na Bliana:
Bliain 6: Seán Puirséil & Grace Ní Chroim Ní Bholgúir
Bliain 5: Ellie Rose Nic Dhomhnaill, Ailbhe Ní Fhoghlú & Dylan Ó Foghlú
Bliain 4: Caolán Ó Raghallaigh, Ethan Mac Aindriú & Cian Ó Ceallacháin
Bliain 3: Cathal Mac Aoidh & Molly Ní Nualláin
Bliain 2: Ryan Soden, Aoibheann Nic Liaim & Donach Mac Aoidh
Bliain 1: Laoise Ní Mhuircheartaigh, Rían Seadhach, Grace Ní hUiteacháin & Xylan Ó Lionáin
2019/2020:
Dalta Acadúil na Bliana - Finnán Breathnach
Gaeilgeoir na Bliana - Carley Ní Bhearnáin
Gradam Cultúrtha na Bliana - Jack Ó Raghallaigh
Réalta Spóirt na Bliana - Jamie Ó Dúfaigh
Spiorad an Choláiste - Aaron Ó Maonaigh