Coláiste Ghlór na Mara

Dalta an Téarma (Nollaig 2021)

Dalta an Téarma (Nollaig 2021)

Cinnirí na Scoile ag éirí réidh chun cabhrú le Searmanas 'Dalta an Téarma'

Ba mhaith le foireann CGNM ‘Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Shéan is faoi Mhaise’ a ghuí ar phobal uile na scoile. Bliain an-ghnóthach í an bhliain acadúil seo ach tá spiorad agus atmaisféar iontach le mothú faoi láthair, a bhuí le hiarrachtaí na ndaltaí agus na foirne araon.

Sa spórt, shroich ár mbuachaillí faoi 19 an craobh sa chispheil. Tá daltaí na scoile ag imirt sa sacar, sa pheil Ghaelach agus san iomáint, freisin. Bíonn an nuacht is déanaí maidir lenár gcluichí le fáil ar shuíomh na scoile agus ar na meáin shóisialta, i gcónaí: Twitter, Facebook agus Instagram.

Ghlac daltaí na hIdirbhliana turas chuig Béal Feirste le déanaí agus thug siad cuairt ar chairde nua i gColáiste Feirste agus ar ndóigh, ar na margaí Nollag i Halla na Cathrach. Fuair siad turas stiúrtha ar an gcathair agus d'fhoghlaim siad neart faoi chultúr Gaelach na Sé Chontae agus iad i gCultúrlann Uí Chanáin. Míle buíochas leis na baill foirne a bhí in éineacht leo agus a thug aire den scoth dóibh.

I measc na n-imeachtaí eile a bhí ar siúl ag an Idirbhliain, chaith siad coicís agus taithí oibre ar bun acu. D'fhorbair siad neart scileanna saoil agus tháinig siad ar ais ar scoil lán le fuinneamh ón dtaithí iontach. Inniu, bronnadh teastais orthu bunaithe ar a gcuid oibre don tSraith Shóisearach agus fuair siad a gcuid torthaí óna MRBanna ón tSraith Shóisearach, freisin. Tá pictiúr den ghrúpa le feiceáil thíos.

Tá ceardlann staidéir curtha i gcrích ag Bliain 3 chun cabhrú leo sna Scrúduithe Stáit agus lena sláinte fisiceach agus intinne. Thaitin turas chuig ‘Bounce & Beyond’ go mór le Dé Danann chun ‘Rang an Téarma’ a cheiliúradh le déanaí.

Tá scoth na tallainne le cloisteáil i measc Bliain 2 agus clár raidió nua ar bun acu le Raidió Rí-Rá mar chuid dá modúl sna meáin dhigiteacha le Múinteoir Sinéad. Bhí an-rath ar agallamh a rinne Doireann Ní Mhaonaigh lena hathair ar 'Éire sna 80í'. Tá ceardlann déanta ag Bliain 2, freisin, leis an ‘Resilience Academy’ a chabhraigh go mór leo maidir lena bhforbairt phearsanta.

Sheol na daltaí ó na ranganna Gaeilge i mBliain 2 cártaí Nollag áille chuig Teach Altramais 'Hamilton Park' i mBaile Brigín an tseachtain seo. Chuir siad croí agus anam isteach sna cártaí agus tá muid cinnte go gcuirfidh a dteachtaireachtaí dearfacha as Gaeilge gliondar ar chroíthe na gcónaitheoirí i Hamilton Park an Nollaig seo.

Maidir le Bliain 5, tá na Cinnairí Gaeilge ag obair go crua chun scoth na teanga a fheabhsú timpeall na scoile. Faoi láthair, tá siad ag cur béime ar Ghaeilge neamhfhoirmiúil agus saibhreas na teanga a shníomh isteach sa ghnáthchaint. Seolann siad 'nath cainte na seachtaine' timpeall na scoile ag tús gach seachtaine agus tá daltaí uile na scoile ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge as ucht na nathanna seo a úsáid go laethúil.

Chomh maith leis sin, chuaigh an 2 rang corpoideachais Ardteiste chuig Ionad Laighin Bhadmantan i mBaile Dúill agus thaitin ceardlann bhadmantan go mór leo, in éineacht le seaimpín idirnáisiúnta, Nhat Nguyen.

Tá an-áthas orainn go bhfuil timpeallacht na scoile ag breathnú go hálainn, buíochas le Bliain 2 agus tionscnamh le heagraíochtaí áitiúla chun an spás fisiceach i mBaile Brigín a fheabhsú. Tá Sruthán Chluain Aird, taobh le bealach isteach CGNM, ag breathnú go hálainn. Tá Múinteoir Treasa tar éis an-chuid oibre a chur isteach sa togra seo le healaíontóirí na scoile agus tá an ceantar ag breathnú go hiontach ar fad. Cabhraíonn na ballaí daite go mór le roinnt dár ndaltaí agus iad ag siúl nó ag rothaíocht chun na scoile chuile maidin.

Tá pobal na scoile ag baint fíorthaitnimh as #AoiCeoilAoine ar YouTube na scoile gach Aoine, a chaitheann solas ar ár gceoltóirí iontacha ó gach bliainghrúpa. An tseachtain seo caite, bhain muid an-sult as Tadhg le ceol ó ‘Phantom of the Opera’, agus tá Evan le cloisteáil an tseachtain seo ar an trumpa agus amhrán Nollag á sheinm aige. Chomh maith leis sin, bíonn scéalta eiseamláireacha le léamh gach Céadaoin ar shuíomh na scoile agus #CinnireCéadaoin ar siúl chun píosa a fhoghlaim faoinár gCinnirí Scoile. An tseachtain seo, labhair Áine Wayne faoina haistear leis an Ardteist agus a laochra; Michael Jordan agus Múinteoir Siobhán!

Mar a dhéantar ag deireadh gach téarma i gColáiste Ghlór na Mara, cuireadh searmanas álainn ar siúl inniu chun aitheantas a thabhairt do na daltaí a sheas amach le déanaí maidir lena gcuid iarrachtaí agus an dearcadh dearfach a léiríonn siad i gcónaí. Tá liosta na mbuaiteoirí agus pictiúir ar fáil thíos. Míle buíochas le Múinteoirí Katie, Ciara agus Tadhg a d’eagraigh an imeacht álainn leis na Cinnirí Scoile.

Nollaig Shona arís a chairde. Tá sos suaimhneach agus síochánta tuillte agaibh go léir. Foireann CGNM

Daltaí an Téarma:

Bliain 1

Malachy Ó Murchú

Mila Heyl

Grace Ní Mhuiris

Daniel Ó Flanagáin

Bliain 2

Jake Thunder

Sienna Nic Roibeáird

Niamh Bush

Faolán Ó Leanacháin

Bliain 3

Ellen Ní Cholmáin

Alex Ní Shlataire

Kelly Pease

Bliain 4

Hannah Ní Chuanaigh

Ruaidhrí Ó Baoill

Emmett Ó Broin

Bliain 5

Kate Ní Lia

Eoin Ó Murchú

Christian Masún

Bliain 6

Christian Mac Mathúna

Érinn Gunnery

Emma Ní Éilí

Aitheantas Speisialta:

Tadhg Ó Raghallaigh (Éacht Cheoil)

Alisha Ní Riain (Éacht san Fhiontraíocht)

Lorcan Tapley (Karate)

Seán Ó Cróinín (Lúthchleasaíocht)

Luca Cailoce (Sacar)

Darragh Mac Giolla Duibh (Iomáint)

Sinéad Cinnsealach (Rugbaí)

Ruaidhrí Ó Baoill, Alisha Ní Riain, Síofra Nic Mhanais & Cathal Mac Aoidh (Smart Balbriggan)

Dorota Kaminsta, Ciara Nic Giolla Pádraig, Sorcha Nic Giolla Rua, Lillyann Nic Shéibhleáin, Maedhbh Ní Shúilleabháin, Faye Wardell & Anwen Nic Roibeáird (Coiste Folláine)

Meghan Ní Dhubhda, Aoibheann Butterly & Siún Ní Chathasaigh (Comórtas Ealaíne LADT+)

Hannah Ní Thomhnair (Spiorad na Scoile)

Gaeilgeoirí an Téarma

Robyn Ní Chiardha (Sóisearach)

Kelli Ní Chárthaigh (Sinsearach)

Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)Dalta an Téarma (Nollaig 2021)
Noll 04
2023
Scrúduithe Nollag/Christmas Exams (Bliain 1, 2, 5)
Noll 22
2023
Laethanta Saoire na Nollag/Christmas Break
Ean 08
2024
Athoscailt na Scoile/School Reopens
Ean 25
2024
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 2)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara