Ó thaobh an spóirt de, tá cispheil mar chroí-lár na scoile i gColáiste Ghlór na Mara. Bunaíodh foireann chispheile sa scoil in 2017 agus cé nach bhfuil an scoil tar éis Craobh Bhaile Átha Cliath a bhuachan go fóill, téimid ó neart go neart gach aon bhliain. Léiríonn ár n-imreoirí ceannaireacht, spiorad agus díograis ó thús deiridh gach cluiche.
Tá halla spóirt galánta nua againn agus is anseo a dhéantar an traenáil agus a chuirtear cluichí ar siúl. Is iad Múinteoir Pierce agus Múinteoir Fiona a chuireann traenáil chispheile ar siúl sa scoil. Míle buíochas lenár n-urraitheoirí Naoínra Helga, Duffy Plumbing & Heating agus McFaddens.
Seo a leanas na foirne a bhíonn i mbun cleachtaidh agus cluichí go rialta:
-
Bliain 1 Cailíní
-
Bliain 1 Buachaillí
-
Bliain 2 Cailíní
-
Bliain 2 Buachaillí
-
F16 Cailíní
-
F16 Buachaillí
-
F19 Cailíní
-
F19 Buachaillí