Coláiste Ghlór na Mara

Cinnire Céadaoin (Sorcha)

Cinnire Céadaoin (Sorcha)

Sorcha (Cinnire Scoile 2021-2022)

Is scoláire iontach, lách, cairdiúil, cineálta, neamhbhreithiúnach í Sorcha atá ag baint fíorthaitnimh as an bhfreagracht atá aici i mbliana agus í ag obair mar chinnire i gColáiste Ghlór na Mara.


Cé go bhfuil sé dúshlánach, tá sí ag baint an-taitnimh as clár na hArdteistiméireachta. Luaigh sí cé chomh deacair is atá sé coinneáil suas leis an staidéar agus leis an bhfoghlaim go léir. Cinnte de, is breá léi an dúshlán agus chomh cinnte is a bhfuil an Cháisc ar an Domhnach, tá Sorcha ag obair go dian!

Tá suim mhór ag Sorcha sa cheol agus is breá léi a bheith ag seinm nó ag canadh ar son na scoile; is cuimhin le pobal uile na scoile Sorcha ina príomhról mar 'Martie' inár gceoldráma 'Grease Beo go Deo' in 2020 agus a sóló, ach go háirithe: 'Freddie My Love'.

Is breá léi an rang ceoil go ginearálta le Múinteoir Siobhán. Dúirt Sorcha liom go bhfuil an ceol níos tábhachtaí ná riamh i saol an duine óig agus faraor, sa lá atá inniu ann, tá i bhfad an iomarca ama caite ag daoine óga sáite ar na meáin shóisialta.

Bhí pointe iontach eile ag Sorcha maidir leis an gceol; go dtugtar deis don duine óg machnamh a dhéanamh orthu féin. An deis a thugtar ná scíth a ligean agus sos a thabhairt don inchinn. Chomh maith leis sin, bíonn ceachtanna le foghlaim ó liricí.

An sprioc is mó atá ag Sorcha i mbliana ná a dícheall a dhéanamh san Ardteist. An chomhairle atá aici don ghlúin óg ná chun taitneamh a bhaint as a gcuid ama sa mheánscoil mar is gearr go mbíonn an t-am imithe agus chun tosú ag staidéar go luath ar scoil agus taitneamh a bhaint as an bpróiseas. Deir Sorcha gan rudaí a fhágáil ar an méar fhada maidir leis an staidéar; is fiú go mór an staidéar maoirsithe a dhéanamh agus plean a bheith réidh agat ó thús na bliana.

D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara