Coláiste Ghlór na Mara

Bronnadh na Suaitheantas ar Chinnirí na Scoile

Bronnadh na Suaitheantas ar Chinnirí na Scoile

Lá an-bhródúil a bhí ann do mhuintir na scoile go léir inniu, ach go háirithe d’fhoireann agus do dhaltaí Bliain 6. Bronnadh suaitheantais ar ár gcinnirí nua ag searmanas scoile álainn. Príomhoide Maedhbh agus Múinteoir Bláithín a bhronn na suaitheantais ar chinnirí, leas-ardchinnirí agus ardchinnirí nua na scoile.

Bhí daltaí agus foireann na scoile go léir ag breathnú ar an searmanas ina seomraí ranga féin, ag baint úsáide as cúrsaí teicneolaíochta chun an ócáid mhór seo a cheiliúradh.

Is daltaí ar leith iad ár gcinnirí a léirigh grá agus meas don Ghaeilge ina n-aistear scoile ó Bhliain 1 ar aghaidh. Ní hamháin sin, ach ba eiseamláirí den scoth iad do phobal uile na scoile thar na mblianta. Mar chuid den phróiseas ceapacháin, bíonn ar gach cinnire iarratas a chur isteach agus agallamh a chur i gcrích. Bíonn ar na cinnirí machnamh a dhéanamh ar an dtaithí agus ar na scileanna atá acu a chabhródh leo agus ról an chinnire á ghlacadh acu.

Bhí an t-ádh linn i mbliana leis an gcaighdeán an-ard a bhain leis na hagallaimh agus ceapadh 19 gcinnire. Léirigh ár gcinnirí scileanna ar leith agus spiorad na scoile á chur chun cinn acu le linn na mblianta. I measc na gcúinsí a chabhraigh lenár gcinnirí an onóir seo a thuilleadh, léirigh siad taithí le spórt, díospóireachtaí, Gaelbhratach, an ceoldráma ‘Grease Beo go Deo’ agus dearcadh dearfach a bheith mar bhunchloch acu i leith saol na scoile.

Beidh na cinnirí ag tacú agus ag cabhrú le pobal uile na scoile i mbliana. Cheana féin tá Bliain 1 tar éis an-aithne a chur orthu agus na cinnirí i ndiaidh an-chúnamh a thabhairt dóibh ina saol nua sa mheánscoil.

Tá muid an-bhródúil astu ar fad agus guíonn muid gach rath agus ádh orthu ina ról nua mar chinnirí scoile. Míle buíochas Múinteoir Siobhán, Ceannaire Bliana, agus Múinteoirí Macdara, Fiona agus Órlagh, Oidí Ranga. Tuigeann na cinnirí go rímhaith go mbeidh sibhse i gcónaí ann chun tacaíocht speisialta a thabhairt dóibh i rith na bliana.

Ardchinnirí:

Ryan Ó hAilpín

Érinn Gunnery

Leas-Ardchinnirí:

Aoife Nic Aoidh

Evan Ó Cárthaigh

Cinnirí:

Carla Pléamonn Ní Fhiaich

Adam hEachthigheirn

Jessica Ní Chéilleachair

Áine Wynne

Shauna Ní Dhúill

Eimear Ní Thuama

Sadhbh Ní Ghrádaigh Ní Chaollaí

Sorcha Ní Allúin

Sinéad Cinsealach

Eoin Ó Meachair

Ailbhe Ní Fhoghlú

Cheyenne Ní Ghamhna

Louise Ní Bharún

Ellie Rose Nic Dhomhnaill

Noll 07
2021
Scrúduithe na Nollag
Noll 09
2021
Cruinniú Tuismitheoirí Bliain 5
Noll 23
2021
Laethanta Saoire na Nollag
Feabh 21
2022
Sos Meán-téarma
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2021 Coláiste Ghlór na Mara