“An té a bhíonn siúlach, bíonn scéalach...” Agus gan dabht ar bith, beidh neart scéalta le hinsint ag tíreolaithe na cúigiú bliana tar éis an turais iontaigh a thug siad ar an mBeilg an tseachtain seo caite!
Nach ar thíreolaithe na cúigiú bliana a bhí an t-ádh nuair a ghlac siad páirt i dturas urraithe go dtí an Bheilg chun freastal ar Pharlaimint na hEorpa agus obair pháirce a chur i gcrích sa Bhruiséil, i bhFlándras agus sa Vallóin.
Ba é Aodhán Ó Ríordáin (Lucht Oibre) a thug urraíocht don rang tíreolaíochta chun freastal ar sheimineár i bhfoirgnimh Pharlaimint na hEorpa i gcroílár na Bruiséile ar an gcéad lá. Tugadh turas speisialta do na daltaí timpeall ar an seomra tionóil (an Hemicycle) áit a ndéantar cuid mhór de chinntí móra na hEorpa. Cuireadh an seimineár ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ina dhiaidh sin, fuair na daltaí deis cuairt a thabhairt ar an músaem Parlamentarium, go hiomlán as Gaeilge freisin; eispéireas fíor-annamh agus spreagúil.
Bhain na daltaí an-taitneamh as an Grand Place/Grote Markt sa tseanchathair, áit a raibh na foirgnimh mhaorga agus an t-atmaisféar bríomhar thar barr, go háirithe nuair a bhí an chearnóg lasta suas san oíche. Is anseo a chonaic na daltaí an dátheangachas agus an t-ilchultúrthachas i bhfeidhm go héifeachtach.
An lá dár gcionn, tar éis bricfeasta blasta san óstán, thug na daltaí aghaidh ar an Atomium, siombail cháiliúil na Beilge nua-aimseartha. Ina dhiaidh sin, thug siad cuairt ar Mini-Europe, páirc théama uathúil ina bhfuil samhlacha de na foirgnimh, na sainchomharthaí agus na tírdhreacha is iomráití ó gach cearn den Aontas Eorpach.
As sin, chuaigh muid ar aghaidh ar an traein go Brugge — cathair a mheall croíthe na ndaltaí láithreach lena canálacha áille, na seanfhoirgnimh stairiúla agus an cloigtheach cáiliúil. Bhí deis ag na daltaí blaiseadh den chultúr áitiúil a fháil, seacláidí Beilgeacha a cheannach agus an Ísiltíris/Flaindris a chloisteáil timpeall orthu — an t-aon teanga oifigiúil i bhFlándras. Ba léir do chách saibhreas agus forbairt an réigiúin seo.
Ar ais sa Bhruiséil, níor chuir éinne i gcoinne suipéir bhlasta de vaiféil Bheilgeacha!
Ar an lá deireanach, thug muid aghaidh ó dheas go dtí ceantar tuaithe na Vallóine, cois Ghleann Sambre-Meuse, áit ar thug muid cuairt ar Uaimheanna aolchloiche Han. Bhí deis iontach ag na daltaí na gnéithe síonchaithimh cheimicigh agus na tírghnéithe carstacha ar fhoghlaim siad fúthu sa seomra ranga a fheiceáil agus a fhiosrú sa bhfíorshaol. Ba léir an difríocht idir an Vallóin agus Flándras ó thaobh forbartha eacnamaíocha de, freisin.
Sular fhill muid abhaile, chaith muid cúpla uair an chloig i nGent — ceann de na cathracha ollscoile is áille agus is bríomhaire san Eoraip.
Míle buíochas leis na daltaí a rinne ionadaíocht den scoth ar an scoil i rith an turais, agus le Múinteoirí Cian, Aoife agus Amy a thug aire den chéad scoth do na daltaí ó thús deireadh. Buíochas ó chroí freisin le Aodhán Ó Ríordáin agus lena oifig as an maoiniú flaithiúil a chuir ar ár gcumas an turas den scoth seo a chur i gcrích.