Daltaí CGNM i mbun seimineáir as Gaeilge i bParlaimint na hEorpa
“An té a bhíonn siúlach, bíonn sé scéalach” agus tá neart scéalta anois ag ranganna tíreolaíochta na séú bliana agus iad i ndiaidh cuairt a thabhairt ar an mBeilg ag an deireadh seachtaine.
Bhí idir thíreolaíocht réigiúnach, an timpeallacht daonna, cultúr agus ionannas agus tíreolaíocht fhisiceach le hiniúchadh ar an turas; an ceithre rannóg ar a dhéantar staidéar sa tíreolas i gColáiste Ghlór na Mara.
I dtosach, d’fhreastal na daltaí ar Pharlaimint na hEorpa agus bhuail siad le Róisín Abbott; Gaeilgeoir atá ag obair sna hinstitiúidí Eorpacha sa Bhruiséil. Labhair sí leis na daltaí faoi obair na Parlaiminte agus bhí na daltaí in ann neart ceisteanna a chur ar Róisín faoin mBeilg go ginearálta.
Ba iontach an deis í chun léargas a fháil ar na deiseanna ar fad atá ann do Ghaeilgeoirí san Aontas Eorpach agus chun turas príobháideach a fháil timpeall ar sheomra cruinnithe na Parlaiminte.
Sa Bhruiséil, thug na daltaí cuairt ar an Grand Place/Grote Markt, An Pálás Ríoga, Ardeaglais na Cathrach, An Atonium, Mini-Europe agus i bhfad níos mó. Chonaic siad an dátheangachas i bhfeidhm go héifeachtach anseo agus cé chomh dírithe is atá an ceantar ar dhul chun cinn na hEorpa.
Ar an Satharn, dhírigh muid ar Fhlándras; réigiún cultúrtha ina labhraítear an Ísiltírís agus ceantar saibhir ó thaobh na heacnamaíochta de. Rinne na daltaí spaisteoireacht timpeall ar Bhrugge agus Gent.
Ar an Domhnach, bhog muid ar aghaidh go dtí an Vallóin; an dara réigiún cultúrtha sa Bheilg. Is anseo a labhraítear an Fhraincis. Tá an réigiún faoi mhíbhuntáiste agus tá meath tionsclaíochta ar siúl de bharr go bhfuil na mianaigh ann go léir spianta. Sa Ghleann Sambre-Meuse; fuair na daltaí turas príobháideach timpeall ar na hUaimheanna Han agus d’éirigh go hiontach leo in Dinant, baile beag cois na habhann Meuse.
Is léargas den scoth a fuair na daltaí ar na gnéithe éagsúla den churaclam tíreolaíochta agus beidh siad in ann na cás-staidéir go léir atá feicthe acu a úsáid sna scrúduithe amach anseo.
Tá Múinteoirí Cian agus Siobhán fíorbhródúil as na tíreolaithe go léir a rinne sár-iarracht ó thús deiridh an turais.