Coláiste Ghlór na Mara

Turas Idirbhliana go Coláiste UISCE

15-Deireadh Fómhair-23
Turas Idirbhliana go Coláiste UISCE

Imeachtaí farraige le linn an turais idirbhliana go Gaeltacht Iorrais, Maigh Eo, Deireadh Fómhair 2023

Chuaigh daltaí na hidirbhliana ar thuras go dtí Coláiste Uisce i mBaile an Mhuilinn, Contae Mhaigh Eo an tseachtain seo caite. D’fhág siad go luath maidin Dé Luain. Bhí atmaisféar éagsúil ar an mbus - bhí siad sceitimíneach, neirbhíseach agus dóchasach. Cé go raibh an ghrian ag scoilteadh na gcloch nuair a thosaigh siad an turas 5 uair a chloig, bhí pleananna difriúla ag an Talamh Torthach dóibh agus iad ag sroicheadh Maigh Eo.

Shroich siad Coláiste Uisce timpeall am lóin. Bhuail siad lena gcinnirí, a bheadh ina dtreoraithe agus ina meantóirí dóibh le linn an turais. Tar éis lón suntasach a bheith acu le chéile, bhí tionól ag na daltaí le foghlaim faoi rialacha an Choláiste, rud a chinntigh go raibh gach duine sábháilte le linn na n-imeachtaí uisce.

Bhain na daltaí triail as neart gníomhaíochtaí don tráthnóna, bhí siad ag snámh san fharraige agus bhí cluichí éagsúla ar siúl, mar shampla: peil bhoird daonna (a bhí thar a bheith spraíúil agus neamhghnách) agus cluichí boird éagsúla. Thug sé seo deis do na daltaí briseadh a ghlacadh ón dteicneolaíocht, a scíth a ligean, agus taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile.

Dhúisigh na daltaí go luath Maidin Dé Máirt le haghaidh bricfeasta. Bhí lá gnóthach acu ar an Máirt, bhain neart daltaí triail as tumadóireacht cé, bhí Comórtas acu chun an rafta is fearr a thógáil agus d’fhoghlaim siad scileanna an tsorcais chomh maith. Tar éis dinnéar álainn le chéile mar ghrúpa, d’fhoghlaim siad neart damhsaí traidisiúnta ón gcinnire, Breandán, ag an gCéile. Chríochnaigh siad an oíche leis an Dreoilín agus bhí siad go léir ar mhuin na muice.

D’éirigh na daltaí Maidin Dé Céadaoin don bhricfeasta agus arís bhí neart imeachtaí uisce ar siúl acu le linn an lae. Bhí lón acu mar ghrúpa don uair dheireanach tráthnóna De Céadaoin, d'fhág siad slán lena gcinnirí agus thosaigh siad ar an turas fada siar go Baile Brigín. Cé go raibh na daltaí scriosta tar éis an 3 lá gnóthach sa Ghaeltacht bhí dea-spion fós ar na daltaí ar an mbus abhaile agus iad ag canadh amhráin cosúil le “Dancing Queen” le hABBA.

Míle buíochas le Coláiste UISCE as turas den scoth a ullmhú dár ndaltaí. Míle buíochas chomh maith do Mhúinteoirí Philip, Niall, Ciara, Orna agus Cúntóir Traci as an turas iontach seo a eagrú.

Le Múinteoir Ciara

Turas Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCETuras Idirbhliana go Coláiste UISCE
M.Fómh 26
2024
Oíche Oscailte/Open Evening
M.Fómh 30
2024
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 17
2024
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 5)/Parent Teacher Meetings (5th Year)
D.Fómh 28
2024
Briseadh Meántéarma/Mid-term Break
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Ghlór na Mara