Rang na hIdirbhliana 2025 ar barr na nAlpacha, le 'Nead an Iolaire' sa chúlra ar chlé
‘Bíonn siúlach scéalach’, a deir an seanfhocal, agus nach fíor fós é sin i gcás na ndaltaí idirbhliana a chaith ceithre lá is trí oíche ag spaisteoireacht timpeall ar na hAlpacha sa Ghearmáin agus san Ostair.
Maidin luath a bhí ann nuair a bhailigh na daltaí agus a gcaomhnóirí le chéile i gColáiste Ghlór na Mara. Nuair a bhí gach duine réidh le dul, thug muid aghaidh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ar aghaidh linn ar eitleán úrnua de chuid Aer Lingus i dreo Munich na Gearmáine. Nach ar Liam agus Ruairí a bhí an t-ádh uasghrádú a fháil!
Shroich muid Munich agus níor thóg sé i bhfad orainn ár málaí a bhailiú agus an bus a fháil go dtí lár na cathrach. Chonaic muid Marienplatz agus bhí deis againn píosa lóin a fháil.
Nuair a bhí muid réidh, ghlac muid turas stiúrtha timpeall na cathrach. Chonaic muid BMW Welt agus an chearnóg inar thosaigh ghluaiseacht an Naitsíochais. Bhain Grace taitneamh as bosca chicken nuggets agus í ag déanamh machnaimh ar stair shaibhir na háite.
Buaicphointe an turais in Munich, áfach, ná cuairt a thabhairt ar Schloss Nymphenburg, an pálás ina mbeadh teaghlaigh ríoga na Baváire fadó.
D’fhreastal muid ar an Deutsches Museum; músaem bunaithe ar ealaín, teicneolaíocht, eolaíocht agus iompar. Dúirt na daltaí go raibh na mealltaí ann fíorshuimiúil agus gur bhain siad taitneamh as a bheith ag foghlaim fúthu.
Sheiceáil muid isteach chuig ár n-óstán agus ní bréag á rá go raibh sé go hiontach. Bhí an foirgneamh nua-aimseartha agus geal, bhí réimse bia iontach ann agus bhí sé cóngarach chuig lár na cathrach. Tar éis dinnéir, ghlac muid siúlóid isteach chuig Marienplatz arís agus thaitin atmaisféar álainn na cathrach san oíche go mór linn. Chonaic muid an Frauenkirche, siombail na cathrach agus an eaglais a fheictear sa scannán ‘Willie Wonka and The Chocolate Factory’.
Ar lá 2, dhúisigh muid go luath agus thosaigh muid ár n-aistear go dtí na hAlpacha. Shroich muid Hohenschwangau agus phioc muid suas ár dticéid don siúlóid thaitneamhach chuig Schloss Neuschwanstein.
Ar an mbealach, fuair na daltaí deis pictiúir a ghlacadh agus taitneamh a bhaint as na radharcanna áille. Bhí gliondar croí agus sceitimíní áthais ar chách nuair a fuair muid ár gcéad radharc den chaisleán. Bhí sé draíochtúil. D’éirigh linn turas stiúrtha a fháil timpeall ar Neuschwanstein agus d’fhoghlaim muid faoi Rí Ludwig II, an gealt-rí.
Ar an mbealach ar ais go Munich, stop muid i nGarmisch-Partenkirchen. Thaitin sé go mór le gach éine triail a bhaint as an logainm a rá! Baile idéalach a bhí ann lán le siopaí beaga, bialanna agus radharcanna den Zugspitze - an sliabh is airde sa Ghearmáin.
Oíche dheireanach na féile earraigh a bhí ann in Munich agus bhí an t-ádh lenár ndaltaí seans a fháil oíche a chaitheamh sa pháirc siamsaíochta in aice an óstáin.
Ar lá 3, bhí buaicphointe an turais againn: Galaxy Erding, an pháirc uisce is mó san Eoraip. Faraor, níl aon ghrianghraif againn ón ócáid ach bhí am den scoth againn ag baint sult as na sleamhnáin agus na himeachtaí uisce go léir.
Nuair a bhí sin thart, bhí tiomáint thaitneamhach againn níos faide isteach sna sléibhte. Thrasnaigh muid an teorainn agus ar deireadh, shroich muid Salzburg na hOstaire. Luaigh gach éine go raibh Salzburg ar an gcathair is deise dá bhfaca siad riamh.
Thaitin sé go mór le roinnt againn smaoineamh siar ar an scannán 'The Sound of Music’ agus bhí na hamhráin á gcanadh againn agus muid ag dul ó shuíomh go suíomh. Chonaic muid Mozartsplatz, an Ardeaglais, An Clochar, An Dún agus an reilig ina gcuireadh Muintir Von Trappe i bhfolach ó na Naitsithe sa scannán.
Ar lá 4, nuair a cheap gach duine go raibh an turas nach mór thart, bhí lá iomlán eile againn lán go béal le himeachtaí. I dtosach báire, thrasnaigh muid an teorainn ar ais go dtí an Ghearmáin agus thiomáin muid ar an mbóthar is airde sa tír. Fuair muid ardaitheoir chuig ‘Nead an Iolaire’, an teach ina mbíodh Hitler ar saoire sna hAlpacha, agus dhreap muid an sliabh in aice láimhe.
Bhí na radharcanna ar leibhéal eile agus cé gur chaith muid 2 uair ag barr na sléibhe, mhothaigh sé cosúil le 10 nóiméad mar gheall go raibh gach duine ag baint an oiread sin taitnimh as.
Bhí ár bhfóin ag dul craiceáilte de bharr go raibh muid ag siúl idir an Ghearmáin agus an Ostair agus muid ag dreapadh na sléibhe!
Nuair a shroich muid bun na sléibhe, thug muid cuairt ar na mianaigh salainn. Thug gach duine 10/10 as an turas oideachasúil, taitneamhach agus spraíúil. Bhí sleamhnáin, iarnród agus báid againn thíos faoin talamh sna mianaigh!
Chríochnaigh muid an turas i mBerchtesgaden; ceann de na bailte beaga is gleoite dá bhfaca aon duine againn riamh. Bhí dinnéar againn ann agus bhí deis againn siúl timpeall ar an mbaile le radharcanna dochreidte mórthimpeall.
Nuair a shroich muid Baile Átha Cliath, bhí gach duine píosa brónach go raibh an turas thart, ach iontach buíoch as an eispéireas a fhanfaidh linn go deo.
Buíochas mór le gach dalta a lean ar na rialacha agus a bhí comhoibreach, rannpháirteach agus béasach ó thús deiridh. Buíochas speisialta, freisin, le Múinteoirí Alice, Cian, Dara, Gavin, Kiana, Róisín, Rónán, Siobhán agus Cúntóir Bríd as ucht gach a rinne siad chun an turas seo a dhéanamh chomh taitneamh agus speisialta. Ní tharlódh sé dá n-uireasa!