Coláiste Ghlór na Mara

Turas Chun na Gearmáine 2022

14-Bealtaine-22
Turas Chun na Gearmáine 2022

An Turas ó Bhoppard go Koblenz, Turas chuig Rheinland na Gearmáine, 2022

“Aoibhinn beatha an scoláire” a deir siad, agus ní féidir a shéanadh go raibh seachtain den chéad scoth ag daltaí B4 agus B5 agus iad ar a dturas scoile chuig an Rheinland sa Ghearmáin. B’fhiú go mór a bheith inár suigh ag 2.45AM, ag buaileadh i gColáiste Ghlór na Mara don bhus! Le t-léine nua, leabhrán frásaí agus cruinniú sciobtha lenár gcaomhnóirí (Múinteoir Cian, Múinteoir Danielle, Múinteoir David, Múinteoir Katie, Múinteoir Orna, Múinteoir Niamh, Múinteoir Rónán, Múinteoir Tadhg agus Yvonne), bhí muid réidh le dul!

IMG_1348.JPG

Ar an gcéad lá agus an Ghearmáin sroichte againn, stop muid in Köln chun spaisteoireacht a dhéanamh timpeall ar an gcathair, an ardeaglais cháiliúil a fheiceáil agus turas a ghlacadh timpeall ar na cúlsráideanna stairiúla in éineacht le treoraithe áitiúla.

1567EE3D-36F1-4E72-8CD4-56621839C4AA.JPG

Ba linn an t-ádh ó thaobh na haimsire de; chomh luath is gur thosaigh sé ag cur báistí bhí muid bailithe taobh istigh den Mhúsaem Oilimpeach agus imeachtaí spóirt éagsúla ar bun ag ár lúthchleasaithe mór le rá:

FRSG-4yWYAM93LE (1).jpeg

Béal dorais, thug muid cuairt ar an monarcha seacláide Lindt chun foghlaim faoin bpróiseas ina ndéantar barraí seacláide, céimeanna an phacáistithe agus stair an chomhlachta. Ach ba chuma le roinnt againn an t-eolas úd a shú isteach, bhí muid ró-ghafa leis na sólaistí saor in aisce a bhí ar fáil mórthimpeall na monarchan!

FRSHdfHXoAIksu8.jpeg

Thaitin na radharcanna iontacha ar fad linn agus muid ar an mbealach go Boppard; ár mbaile don tseachtain. Nach orainn a bhí an t-ádh nuair a rinne ár dtiománaithe an cinneadh chun turas 4 uair an chloig a dhéanamh as aistear a ghlacann 2 uair an chloig de ghnáth…

FRRLwImXsAMaCy-.jpeg

Agus dinnéar inár mbolga agus piliúr faoinár gcloigne, thit ár 90 daltaí agus naonúir baill foirne ina gcodladh théis a bheith ar an mbóthar ar feadh beagnach 24 uair an chloig!

Ar Lá 2, líonadh suas muid le cácaí áille ó bhácúis Bhoppard agus ar aghaidh linn ar bhád dúinn féin ar an Rhéin chun turas dochreidte a ghlacadh ar an abhainn is cáiliúla san Eoraip. Ar an aistear, chonaic muid caisleáin, fíonghoirt agus na sráidbhailte beaga ar bhruach na habhann.

IMG_1432.JPG

Bhí an ghrian réidh le teacht amach an soicind a shroich muid Koblenz, ceann de na bailte is deise dá bhfaca aon duine againn riamh. Seo réigiún fíorthábhachtach sa Ghearmáin: buaileann an Rhéin agus an Mosel anseo agus tá an cumar (an lárphointe eatarthu) mar shiombail den Ghearmáin ag teacht le chéile mar thír aontaithe sna 1990í. Fuair muid turas stiúrtha den scoth agus thaitin lón álainn linn faoin ngrian.

FRXud7NWUAAaJzU.jpeg

I ndiaidh sosa sa chathair, ghlac muid carr cábla go dtí barr an ghleanna. Bhí an radharcra go hálainn. Cuireadh dinnéar ar fáil dúinn ar ais i mBoppard agus ansin chuaigh muid ag spaisteoireacht cois abhann agus i lár an bhaile. Mar a dúirt Alex, focal amháin chun cur síos a dhéanamh ar an gceantar: ‘Draíochtúill’.

FRX5mkIWYAAfzcJ.jpeg

Ar Lá 3, bhí ar roinnt againn infheistiú a dhéanamh in uachtar gréine de bharr na haimsire. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus bhí gach duine i ngiúmar iontach. Thug muid cuairt ar Phantasialand; i ndáiríre an pháirc téama is fearr ina raibh aon duine againn riamh. Bhí na mealltaí ar fheabhas agus ní bheifeá in ann gach ceann a thriail in aon lá amháin. D’fhág muid agus muid cinnte go mbeadh muid ar ais.

FRcxqyUWUAAiga2.jpeg

Ar aghaidh linn ar ais go Boppard le haghaidh dioscó debs. Ghléas roinnt againn suas agus bhí na feistis le moladh go hard na spéire! Thaitin an damhsa, an chraic agus an ceol go mór linn. Níor thaitin bróga Sorcha le héinne.

FRdwvICXsAQr2qn.jpeg



Ar Lá 4, bhí muid réidh le pacáil agus slán a rá le Boppard. Mar a dúirt Ethan: ‘Ní áit fhisiceach í Boppard. Is í Boppard i ndáiríre ná na cairde go léir a rinne muid ar an mbealach…’

Ár gcéad stop don lá ná Cochem; baile fíorálainn ar bhruach na habhann Mosel. Ghlac muid siúlóid go dtí barr an chnoic sa sráidbhaile, áit a bhfuil an caisleán cáiliúil ann, agus ba mhór an sásaimh a bhain gach aon duine againn as turas timpeall ar an bhfoirgneamh ársa. Istigh sa chaisleán agus muid ag breathnú amach ó na fuinneoga; bhí lúba na habhann, in éineacht leis an mbaile gleoite thíos le feiceáil go soiléir.

FRg4FMhXEAA_xdp.jpeg

Ag an bpointe seo, bhí roinnt againn tar éis ceithre lá a chaitheamh ag déanamh ár ndícheall an Ghearmáinis a fhoghlaim, ach frása amháin áirithe a bhí le cloisteáil in ard a gutha is a cinn ó Zara ná ‘GUTEN TAG’ i gcanúint Ghearmáinise a bhí ríchosúil le canúint Dhroichead Átha…

FRg3l5uXMAEYLuH.jpeg

Thit an grúpa go léir i ngrá le Cochem agus an lárcheantar ghnó stairiúil ann. Bhí breithlá mór ag Múinteoir Katie ar an lá agus cé go raibh sí ag iarraidh neart pictiúir a fháil le daoine áitiúla don ócáid, is é eagla amháin a chuir sí orthu agus bhí ar ár ndaltaí féin í a shábháil agus léimt isteach sna pictiúir léi.

FRg5oAGXMAIxlVV.jpeg

Ó Chochem, thiomáin muid i dtreo cúrsa rásaíochta Nürburgring. Is anseo a ghlac ár ndaltaí páirt i roinnt de na himeachtaí spraíúla agus go bhfaca siad carranna iontacha a bhí á léiriú ag an músaem ann.

FRklND4X0AUi6xE.jpeg

Chun críoch a chur leis an turas, rinne muid roinnt siopadóireachta in Dusseldorf roimh an eitilt abhaile. Níl dabht ar bith ach go mbeidh an tseachtain seo inár gcuimhní go deo. Rinne muid cuimhní fadsaolacha agus cairde buana. Nach fíor fós an seanfhocal: “bíonn siúlach scéalach.”

Ní raibh na múinteoirí réidh chun slán a fhágáil leis na daltaí go fóill agus na málaí bailithe acu in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Mar ábhar iontais, bhí duaiseanna acu do na daltaí go léir a sheas amach ar an turas agus a chabhraigh chun an t-eispéireas a dhéanamh ní b’fhearr do chách.

FRPxj5ZXsAEVLCs.jpeg

Tá an-chreidiúint tuillte ag na baill foirne go léir a chuir croí agus anam isteach sa turas seo chun am luachmhar a thabhairt do na daltaí agus a thug an-aire dóibh le linn an turais. Leis sin, agus níos tábhachtaí fós, céad míle buíochas do na daltaí go léir a léirigh meas, béasaí agus greann den scoth ó thús deiridh na seachtaine. Buaicphointe na bliana go dtí seo gan aon agó.

Lean ar thurais CGNM ar Twitter: @TurasNaMara

Agus ná caill ár 'highlight' don Rheinland ar Instagram: @ColaisteGhlorNaMara

An Bhean is Fearr Gléasta: Hannah Ní Chathasaigh

An Fear is Fearr Gléasta: Pádraic Ó hEochaidh

Gaeilgeoir an Turais: Daniel Ó Faircheallaigh

An Méid Gearmáinise a Foghlaimíodh: Zara Ní Fhearghaile & Fionn Ó Raghallaigh

Spiorad an Turais: John Ó Cléirigh & Katie Ní hAmhairgin

Forbairt Phearsanta is Mó: Ethan Mac Aindriú & Daniel Ó Maonaigh

Tíreolaí an Turais: Isabella Ní Mharacháin Ní Loingsigh

An Méid is Mó Monster a Óladh: Patrick Ó Cléirigh

Ceisteanna is Fearr do na Treoraithe: Caolán Ó Raghallaigh

Tacaíocht/Aire is Fearr: Caoilainn Ní Fhoghlú

Cara Suíocháin is Fearr ag Múinteoir Cian: Lia Ní Chochláin

Bróga is Measa dá bhfaca aon Mhúinteoir Riamh: Eoghan Ó Raghallaigh

Duine is Greannmhaire: Alex Mac an Bhaird

D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara