Coláiste Ghlór na Mara

Turas Ceoil na Tríú Bliana

05-Márta-24
Turas Ceoil na Tríú Bliana

Daltaí CGNM ag baint fíorthaitnimh as scoth an cheoil sa Cheoláras Náisiúnta

Bhí deis ag Rang Ceoil na tríú bliana freastail ar cheolchoirm sa Cheoláras Náisiúnta. Bhí an ceolchoirm bunaithe ar an Sraith Shóisearach agus na torthaí foghlama a nascadh isteach le foghlaim na ndaltaí. Bhí Jessie Grimes i mbun cainte ar na gnéithe a bhain leis na píosaí agus bhí an cheolfhoireann á stiúradh ag an stiúrthóir mór le rá, David Brophy. Bhí an t-ádh dearg linn go raibh aíonna Zoë Conway agus John Mc Intyre ansin chun nasc a dhéanamh idir an ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach leis na píosaí atá cumtha acu. Deis iontach a bhí ann agus bhain achan duine taitneamh as!

Míle buíochas le Múinteoirí Orna agus Siobhán a d'eagraigh an turas.

Turas Ceoil na Tríú Bliana
Bealt 02
2024
Turas Thar Lear Idirbhliana/TY Trip Abroad
Bealt 04
2024
Searmanas Bliain 4/TY Ceremony and finish
Bealt 07
2024
Scoil Dúnta/School Closed
Bealt 21
2024
Searmanas Bliain 6/Bliain 6 Ceremony and finish
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Ghlór na Mara