Bhí lá den chéad scoth ag Bliain 6 agus Foireann Bhliain 6, agus iad ag freastal ar thuras bliana go hIonad Gníomhaíochta Tanagh i Muineachán ar an Déardaoin seo caite.
Cruthaíodh cuimhní a fhanfaidh linn go deo! Chonaiceamar obair fhoirne, spraoi agus cairdeas go han-soiléir idir na ndaltaí ann. Bhain gach duine fíor-thaitnimh as na scileanna nua a d’fhoghlaim siad; canúáil, dreapadóireacht agus as an mboghdóireacht.
Bhí an-iomaíocht ar siúl idir na daltaí (agus múinteoirí!) agus iad ag imirt sa chath boghdóireachta. Thaitin an spraoi ar an sleamhnú láibe go mór leis na daltaí agus dár ndóigh thaitin an chraic agus an comhluadar linn chomh maith.
Go hálainn sosanna mar seo a ghlacadh ó na leabhair chun aire a thabhairt dár bhfolláine le linn bliain na hArdteistiméireachta.