Coláiste Ghlór na Mara

Turas Bhadmantan - Rang Chorpoideachais na hArdteiste (Bliain 5)

01-Nollaig-21
Turas Bhadmantan - Rang Chorpoideachais na hArdteiste (Bliain 5)

Rang Corpoideachais na hArdteistiméireachta, Bliain 5, ag Ionad Bhadmantan Laighin

Chuaigh daltaí na cúigiú bliana go dtí Ionad Bhadmantan Laighin i mBaile Dhúil ar an gCéadaoin. Rinne siad seisiún traenála den scoth leis an scoth-imreoir bhadmantan David Walsh, a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2019. Dhírigh siad ar na scileanna atá le léiriú acu sa bhadmantan don Mheasúnú Feidhmíochta i mBliain 6.

Agus iad ann, bhí Nhat Nguyen, a d'imir ar son na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo 2020, i mbun traenála in aice leo. Tháinig sé agus labhair sé leis an rang agus thug sé roinnt nodanna dóibh don todhchaí, agus labhair sé faoin taithí a bhí aige i dTóiceo. Guímid gach rath ar Nhat a bhéas ag imirt sa Chraobhchomórtais Bhadmantain an Domhan sa Spáinn go luath.

I ndiaidh an lóin, bhí comórtais ranga againn, a bhí an-iomaíoch. Bhí an bua ag Katie Nic Oirc i gcraobh na gcailíní agus ag John Ó Cléirigh i gcraobh na mbuachaillí.

Turas Bhadmantan - Rang Chorpoideachais na hArdteiste (Bliain 5)Turas Bhadmantan - Rang Chorpoideachais na hArdteiste (Bliain 5)Turas Bhadmantan - Rang Chorpoideachais na hArdteiste (Bliain 5)
Noll 20
2024
Laethanta Saoire na Nollag/Christmas Holidays
Ean 06
2025
Athoscailt na Scoile/School reopens
Ean 09
2025
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 6)/Parent Teacher Meetings (6th Year)
Feabh 04
2025
Bréagscrúduithe/Mocks (Bliain 3 agus 6)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Ghlór na Mara