Comórtas ealaíne carraige - Gaeilge sa rang tíreolaíochta!
Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil deireadh tar éis teacht le ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i gCGNM. Bhí imeachtaí den chéad scoth eagraithe do gach bliainghrúpa ó thús deiridh na seachtaine. Thosaíomar gach lá le comórtas idir-bhliana, bunaithe ar úsáid éifeachtach na seanfhocal. Chuir an comórtais úd tús le hatmaisféar na hiomaíochta agus ní féidir a shéanadh ach go raibh spraoi iontach ag tús gach lae dá bharr. Theastaigh uainn an Ghaeilge a chur chun cinn agus cruinneas na teanga labhartha a fhorbairt i measc na ndaltaí.
Bhí comórtais, imeachtaí agus cluichí éagsúla iontacha spraíúla eagraithe i gcaitheamh na seachtaine, ar nós comórtais ealaíne, tráth na gceist, cluichí 30 soicind, cluiche Family Fortunes, díospóireacht, físeáin, tae agus plé, seisiún ceoil traidisiúnta agus céilí. Bhíomar ag iarraidh bród a chothú i measc daltaí na scoile tríd na cluichí is fearr leo a stiúradh trí mhéan na Gaeilge.
Ba léir ón méid gáire, caint, béicíl, argóintí, plé, díospóireachtaí, magadh agus bualadh bos a bhí le cloisteáil ar na pasáistí le linn na n-imeachtaí gur bhain gach dalta sa scoil sult, taitneamh agus tairbhe astu. Ghlac roinnt múinteoirí páirt freisin agus tá sé ráite acu gur thaitin na himeachtaí go mór leo.
Chun cuir leis an gceiliúradh agus an spraoi; bhí tionchar mór ag na duaiseanna ‘uibheacha cásca’ chun iomaíocht agus taitneamh na ndaltaí a spreagadh.
Míle buíochas as an gcabhair go léir a thug gach duine, go háirithe cinnirí Gaeilge na 5ú bliana & Múinteoir Honor.
Molly Ní Nualláin
(Ceannaire Gaeilge)