Coláiste Ghlór na Mara

Seachtain na Gaeilge 2025

14-Márta-25
Seachtain na Gaeilge 2025

Pobal na Scoile agus Lá Glas á cheiliúradh acu

Bhí Seachtain na Gaeilge i mbliana ar cheann de na cinn is fearr riamh i gColáiste Ghlór na Mara! Bhí atmaisféar iontach le brath ar fud na scoile ó thús deiridh na seachtaine agus ghlac gach dalta agus ball foirne páirt i gceiliúradh na teanga ar bhealaí éagsúla. Nach fíor fós an seanfhocal; 'Beatha teanga í a labhairt'!

Ar cheann de bhuaicphointí i rith na seachtaine, bhí ceoldráma na bliana againn – agus é go hiomlán as Gaeilge! ‘Draoi Oz’ an ceoldráma i mbliana agus líon muid an halla spóirt cúig uaire le trí sheó lae agus dhá sheó oíche. Bhí ceolfhoireann phroifisiúnta bheo ann, a chuir go mór le hatmaisféar an tseó. 'Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine' agus bhí áthas orainn fáilte a chur roimh Ghaelscoil Bhaile Brigín, Gaelscoil Ros Eo, Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Scoil Chormaic, Scoil Ghramadaí Dhroichid Átha, Scoil Oideachais le Chéile Droichead Átha, Naomh Mhuire Droichead Átha, Gaelcholáiste Chill Dara, Gaelcholáiste Dhún Dealgan, Scoil Chaitríona, Scoil Phóil na hUaimhe, Gaelscoil na Mí agus Gaelscoil Bhrian Bóroimhe, a tháinig chun an taispeántas iontach a fheiceáil. Tá an-bhród orainn mar Ghaelcholáiste an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal agus deis a thabhairt do dhaltaí agus múinteoirí i scoileanna eile a gcuid Gaeilge a úsáid ar bhealach taitneamhach agus nádúrtha linn.

Chuir na Cinnirí Gaeilge, Dan agus Faye, 'rabhlóg an lae' amach agus bhí spraoi ag daltaí uile na scoile á rá ó lá go lá. Chomh maith leis sin, chuir Múinteoir Fiachra maighnéid mhistéireacha i bhfolach timpeall na scoile, agus bhí ríméad ar na daltaí iad a aimsiú. Bhí seanfhocal nó nath cainte deas ar gach maighnéad dóibh siúd a bhí in ann ceann a fháil.

Bhí deis ag ár ndaltaí scileanna fichille a chleachtadh nuair a tháinig Gaelscoil na Mara agus Gaelscoil Bhaile Brigín ar cuairt chuig an leabharlann le haghaidh turnaiminte fichille spleodrach. Bhí comórtas filíochta ar siúl freisin, ag tabhairt ardán iontach do chruthaitheacht agus do chumadóireacht na ndaltaí s’againne.

Ag am lóin, reáchtáladh an poc fada do chailíní agus do bhuachaillí. Ag deireadh an chomórtais, ba iad Grace Ní Longáin agus Múinteoir Áine na buaiteoirí i measc na gcailíní. D'éirigh le Múinteoir Cillian Ó Néill agus Cathal Ó Meiscil i gcomórtas na mbuachaillí.

Sheinn an grúpa ceoil traidisiúnta dúinn ag am lóin, freisin, a chabhraigh go mór le spiorad Gaelach a chothú fud fad na scoile. Bhí an t-ádh linn n.e.a.r.t., banna ceoil traidisiúnta, ina bhfuil Muintir Mhic Conchra agus Muintir Uí Leathlobhair, a bheith linn chun siamsaíocht a thabhairt le linn na seachtaine.

Mar chríoch ar sheachtain iontach, bhailigh na Cinnirí Gaeilge cnuasach de nathanna cainte agus seanfhocail ó phobal na scoile – le go leanfaidh an spiorad Gaelach ar aghaidh i bhfad i ndiaidh na seachtaine seo. Eagraíodh tráth na gceist fuinniúil do bhliain 1, á chur i láthair ag an gcoiste Gaeilge. Chaith muid glas ó bhun go barr, freisin, in ullmhúchán do Lá Fhéile Pádraig.

Míle buíochas le gach duine a ghlac páirt. Bhí seachtain den scoth againn agus táimid ag tnúth le Seachtain na Gaeilge 2026 cheana féin!

Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025
Aib 14
2025
Laethanta Saoire na Cásca/Easter Holidays
Bealt 05
2025
Lá Saoire Bainc/Bank Holiday
Bealt 09
2025
Turas Thar Lear/TY International Trip (Germany and Austria)
Bealt 16
2025
Searmanas na hIdirbhliana/TY Graduation Ceremony
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara