Coláiste Ghlór na Mara

Seachtain Staire 2026

16-Márta-26
Seachtain Staire 2026

Seachtain Staire i gColáiste Ghlór na Mara, Alt le Múinteoir Amy

Last week, Coláiste Ghlór na Mara celebrated a fantastic History Week, filled with fun activities and opportunities for students to engage with the past. Each morning began with a cruacheist, where students had to work out which historical figure was being described. Throughout the week, students also took part in a school-wide scavenger hunt, searching the corridors to find various historical figures hidden around the school.

On Wednesday, our Transition Year and Senior Cycle History students had the opportunity to watch the film Dark Autumn. This excellent film, produced by the Fingal Old IRA Commemorative Society, tells the story of the Sack of Balbriggan in September 1920. As this significant historical event took place only a few kilometres from the school, it provided a particularly meaningful learning experience for our students. After the screening, students had the chance to ask questions to Laurence and Matt, members of the Society and participants in the film, who spoke about both the historical events and the process of making the movie.

The highlight of the week, however, was undoubtedly the incredible pop-up museum organised by the Fingal Old IRA Commemorative Society (thank you to our wonderful TY students who helped set this up!) The museum featured a remarkable collection of artefacts from the revolutionary period, including replica guns used during the Howth Gun Running and the 1916 Easter Rising, Kathleen Clarke’s gun, historical costumes, medals, flags, brooches, photographs and many other fascinating items.

Students from across the school had the opportunity to visit the museum on Thursday, and it quickly became the standout moment of the week. They loved the chance to handle artefacts, try on historical costumes, and learn about the objects up close. The experience brought history to life in a way that textbooks simply cannot.

Members of the Fingal Old IRA Commemorative Society — Laurence, Matt, Carol, Danny and Robin — were on hand throughout the day to answer questions and share their extensive knowledge. Their passion for the history of Fingal from 1914 to 1923 and beyond made the experience both engaging and memorable for our students.

We finished off a brilliant week with a Lá Gléasta Suas on Friday, where students and staff alike dressed up as historical figures or events from history, bringing even more fun and creativity to the celebrations. Overall, it was a fantastic week organised by the History Department, and we are already looking forward to History Week 2027!


Seachtain Staire a bhí ann i gColáiste Ghlór na Mara an tseachtain seo caite! Seachtain Staire den scoth a bhí ann, lán le gníomhaíochtaí spraíúla agus deiseanna do dhaltaí dul i ngleic leis an stair ar bhealach suimiúil.

Thosaigh gach maidin le cruacheist, ina raibh ar dhaltaí oibriú amach cén pearsa stairiúil a bhí á chur síos. I rith na seachtaine, ghlac daltaí páirt i dtóraíocht taisce timpeall na scoile, ag lorg pearsana stairiúla éagsúla a cuireadh i bhfolach sna pasáistí.

Ar an gCéadaoin, bhí deis ag ár ndaltaí Idirbhliana agus daltaí Staire na Sraithe Sinsearaí féachaint ar an scannán Dark Autumn. Chuir The Fingal Old IRA Comemmorative Society an scannán den scoth seo le chéile, agus insíonn sé scéal Créach Baile Bhrigín i Meán Fómhair 1920. Mar gheall gur tharla an eachtra stairiúil seo cúpla ciliméadar ón scoil, bhí sé thar a bheith spéisiúil agus ábhartha dár ndaltaí. Tar éis an scannáin, bhí deis ag na daltaí ceisteanna a chur ar Laurence agus Matt, baill den chumann agus rannpháirtithe sa scannán, faoin eachtra stairiúil féin agus faoin gcaoi ar chruthaíodh an scannán.

Ba é buaicphointe na seachtaine, áfach, an músaem iontach a chuir the Fingal Old IRA comemorative Society ar bun (le cabhair ónár ndaltaí iontacha Idirbhliana). Bhí bailiúchán suntasach déantán sa mhúsaem ón tréimhse réabhlóideach, ina measc: macasamhla de ghunnaí a úsáideadh le linn Rith Gunnaí Binn Éadair agus Éirí Amach na Cásca 1916, gunna Kathleen Clarke, cultacha stairiúla, boinn, bratacha, bróistí, grianghraif agus go leor rudaí spéisiúla eile.

Bhí deis ag daltaí ó gach bliain sa scoil cuairt a thabhairt ar an músaem ar an Déardaoin, agus ba léir gur bhain siad an-taitneamh as. Bhain siad an-sult as na déantáin a fheiceáil agus a láimhseáil, cultacha stairiúla a chur orthu, agus foghlaim faoi na rudaí seo ar bhealach idirghníomhach. Thug an taithí seo deis dár ndaltaí an stair a dhéanamh beo ar bhealach nach féidir le leabhair amháin a dhéanamh.

Bhí baill den Fingal Old IRA Comemmorative Society — Laurence, Matt, Carol, Danny agus Robin — i láthair i rith an lae chun ceisteanna na ndaltaí a fhreagairt agus a gcuid eolais fhairsing a roinnt. Tá saibhreas eolais acu ar stair Fhine Gall ó 1914 go 1923 agus níos faide anonn, rud a rinne an chuairt thar a bheith suimiúil agus fiúntach do na daltaí.

Chríochnaíomar an tseachtain iontach le Lá Gléasta ar an Aoine, áit ar tugadh cuireadh do dhaltaí agus do bhaill foirne araon gléasadh suas mar phearsa nó mar eachtra ón stair, rud a chuir spraoi agus cruthaitheacht bhreise leis an gceiliúradh.

Tríd is tríd, ba sheachtain den scoth í, eagraithe ag An Roinn Staire, agus táimid ag tnúth cheana féin le Seachtain na Staire 2027!

Comórtas Cruacheist:

Bl1: Aisling Ní Mhuircheartaigh, Lily Ní Choistealbha, Annie Nic An Fhailí, Daniel O hIcí , Luke Ó Mainnín, Scarlett Ó hAodha, Aifric Ní Mathúna, Aodhán Mac Lochlainn.

Bl2; Reece Ó Clochtaraigh, Cole Ó Grádaigh, Eli Bush, Clara Moen, Millie Nic Chionaith.

Bl3: Alana Brennock, Sadhbh Nic Gabhann

Bl4; Daniel Minto

Bl6: Xylan agus Emily Ní Chearra

Comórtas Laochra Staire:

Saoirse Baier, Caoilinn Ní Raifeartaigh, Jack Ó hIaruaidh, John Taoiling, Isaballe Ní hUigín, Shannon Ní Eathrín, Gracie Ní Mhaonaoigh.

Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026Seachtain Staire 2026
Beal 19
2026
Searmanas Dalta na Bliana/Student of the Year Awards Ceremony
Beal 20
2026
Searmanas Gradaim Bliana 6/6th Year Graduation Ceremony - Scoil críochnaithe @ 12.45
Beal 25
2026
Scrúduithe Samhraidh/Summer Exams - Bliain 1, 2, 5
© 2026 Coláiste Ghlór na Mara