Coláiste Ghlór na Mara

Seachtain Staire 2022

08-Aibreán-22
Seachtain Staire 2022

Bhí seachtain thar a bheith stairiúil againn an tseachtain seo caite i gColáiste Ghlór na Mara leis an gcéad Seachtain Staire riamh. Seachtain den scoth a bhí ann. Bhí brioscaí na Sean-Róimhe le boladh ó na seomraí eacnamaíochta bhaile agus bhí neart imeachtaí eile ar siúl ar fud fad na scoile.

San aitriam, bhí taispeántais 'tomhais tú féin sa stair.' Ghlac daltaí ó gach bliain páirt ann - grianghraif thíos! Faraor, bhí díomá ar Mhúinteoir Fiachra go raibh sé ní ba cosúil le Winston Churchill ná Che Guevara!

Cuireadh tús le 'Amlíne na scoile'. Tá mór imeachtaí na scoile le feiceáil ann agus beidh muid ag cur leis an amlíne amach anseo. Moladh mór do dhaltaí an chlub staire as an obair ar fad ar seo.

Ar an Aoine bhain muintir na chéad agus na dara bliana an-sult as tráth na gceist agus tháinig roinnt cuairteoirí stairiúla chun na scoile leis an lá gléasadh suas. Bhí iarracht den scoth déanta ag daltaí agus foireann na scoile. Bhaineamar an-taitneamh as an tseachtain speisialta seo.

Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022Seachtain Staire 2022
D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara