Bogha Báistí Daonna (Foireann na Scoile)
Thaitin seachtain den chéad scoth anseo linn i gCGNM agus ceiliúradh á dhéanamh againn ar Sheachtain 'Seasamh Suas' de chuid BelongTo. Seo feachtas chun ár bhfód a sheasamh in aghaidh bulaíochta LADT+, in éineacht le neart meánscoileanna Éireannacha eile.
D'eagraigh an Coiste Folláine neart imeachtaí iontacha do phobal na scoile go léir. Gach maidin, roinneadh fíricí leis an scoil maidir le cearta LADT+ agus seinneadh amhráin bhródúla ar an idirchum. Rinneadh brioscaí ildaite sa rang Eacnamaíocht Bhaile, péinteáladh ingneacha ag am lóin, bhí tráth na gceist le Bliain 1, dearadh clúdaigh leabhar LADT+ sa rang Béarla, bhí comórtas ealaíne ag daltaí uile na scoile, agus rinne an fhoireann bogha báistí daonna, freisin. Tá fíorbhród orainn as ár bpobal scoile go léir agus as gach uile indibhid inár measc. Míle buíochas Múinteoir Treasa as ucht an tseachtain rathúil agus tábhachtach seo a stiúradh.