Coláiste Ghlór na Mara

Scoláireachtaí Iontrála COBÁC bronnta ar Dhaltaí CGNM

27-Feabhra-25
Scoláireachtaí Iontrála COBÁC bronnta ar Dhaltaí CGNM

Colette Ní Mhuircheartaigh, Scoláire COBÁC 2024-2025, in éineacht lena muintir

Don tríú bliain as a chéile, bronnadh scoláireachtaí iontrála ar dhaltaí CGNM agus iad tar éis glacadh le háit sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Is iad Colette Ní Mhuircheartaigh (Ardchinnire 2023-2024) agus Eoin Lignon an bheirt ar a bronnadh na scoláireachtaí. Tá Dlí agus Gnó ar siúl ag Colette agus Innealtóireacht i gcás Eoin. Tá Colette i ndiaidh an Scoláireacht Ghaeltachta a fháil agus í ina cónaí ar campas, ag spreagadh na Gaeilge i measc na mac léinn uile. Bronnadh scoláireacht acadúil ar Eoin Lignon agus é i ndiaidh an t-uasmhéad 625 pointe a thuilleadh sna scrúduithe Ardteistiméireachta in 2024.

Guíonn muid gach rath ar an mbeirt agus iad ar thuras léinn sa tríú leibhéal. Gan dabht is spreagadh mór iad do na daltaí a thabharfaidh aghaidh ar na scrúduithe Ardteistiméireachta agus ar shaol na hollscoile amach anseo.

Scoláireachtaí Iontrála COBÁC bronnta ar Dhaltaí CGNM
Márta 16
2026
Scoil Dúnta/School Closed
Márta 23
2026
Ceoldráma: Disco Inferno
Márta 27
2026
Laethanta Saoire na Cásca/Easter Holidays @ 12.45
Aib 13
2026
Filleadh ar Scoil/Return to School
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2026 Coláiste Ghlór na Mara