Coláiste Ghlór na Mara

Rath na Rothaíochta!

28-Feabhra-25
Rath na Rothaíochta!

Rath na Rothaíochta/Cycle to Success - Clár nua rothaíochta le tosú i gColáiste Ghlór na Mara!

"Giorraíonn beirt bóthar" – ach cad faoi ochtar is fiche?

Bhí ríméad ar dhaltaí Coláiste Ghlór na Mara inniu agus iad ag tabhairt faoina gcéad turas riamh ar ár rothair nua timpeall na scoile. Nach orainn a bhí an t-ádh 28 rothar a fháil mar chuid de scéim úrnua a d’fhógair An Roinn Oideachais anuraidh chun gníomhaíochtaí fisiceacha a chur chun cinn i scoileanna na hÉireann. Chuir Múinteoirí Emer agus Cian isteach ar an scéim, agus tá lúcháir orainn gur roghnaíodh Coláiste Ghlór na Mara mar scoil phíolótach chun an clár gníomhaíochta fisicí seo a chur i bhfeidhm.

Mar chuid den tionscadal, dhear Múinteoirí Emer agus Cian clár darbh ainm 'Rath na Rothaíochta', a bhfuil sé d’aidhm aige gníomhaíocht fhisiciúil a chomhtháthú leis an bhfoghlaim laistigh de ranganna traidisiúnta. Chun é sin a bhaint amach, beartaíodh rothair a chur ar fáil do dhaltaí le go bhféadfadh siad an ceantar máguaird a iniúchadh.

Sna ranganna tíreolaíochta, is féidir le daltaí taisteal anois chuig tránna áille cosúil le Trá Bhaile Brigín agus Trá Bhaile Mhic Gormáin, chomh maith le haibhneacha ar nós an Bhracáin agus na hAilbhine, chun foghlaim faoin tírdhreach áitiúil ar bhealach praiticiúil. Sna ranganna staire, tabharfaidh daltaí cuairt ar chaisleáin stairiúla an cheantair, cosúil le hArd Giollán agus Caisleán Bhrí Mhór, ag nascadh na foghlama le heispéiris fhíorshaolacha.

Bronnadh deontas flaithiúil orainn chun seit d’ocht rothar is fiche a fháil don scoil, in éineacht le clogaid, seaicéid shofheicthe, pumpaí, seastáin agus seirbhísí cothabhála don todhchaí. Gabhann muid ár mbuíochas ó chroí le Quay Cycles, Droichead Átha, agus le Austin, a rinne eagrú ar sholáthar na rothar.

Tá sceitimíní orainn faoi na deiseanna iontacha a thabharfaidh an tionscnamh seo do na daltaí, agus ní féidir linn fanacht le sibh a thabhairt ar thuras linn sna míonna amach romhainn! 🚴‍♂️ 🚴‍♀️


Exciting Times as Coláiste Ghlór na Mara Students Take Their First Ever Bike Tour! 🚴‍♂️ 🚴‍♀️

There was great excitement today as students from Coláiste Ghlór na Mara set off on their very first trip around the school grounds on our brand-new bicycles. We are incredibly fortunate to have received 28 bikes as part of a new initiative launched last year by the Department of Education to promote physical activity in Irish schools. Múinteoirí Emer and Cian applied for the scheme, and we are delighted that Coláiste Ghlór na Mara was selected as a pilot school to implement this innovative physical activity programme.

As part of the project, Múinteoirí Emer and Cian designed a programme called 'Rath na Rothaíochta' (Cycle to Success), which aims to integrate physical activity into traditional classroom learning. To achieve this, the initiative provides bicycles for students, allowing them to explore their local area in an engaging and educational way.

In Geography classes, students can now cycle to stunning locations such as Balbriggan Beach and Gormanston Beach, as well as rivers like the Bracken and the Delvin, to gain hands-on learning experiences about their local landscape. In History classes, students will visit historic castles in the area, including Ardgillan Castle and Bremore Castle, bringing their learning to life through real-world exploration.

Thanks to a generous grant, the school has received a set of 28 bicycles, along with helmets, high-visibility jackets, pumps, bike stands, and ongoing maintenance services. We extend our heartfelt thanks to Quay Cycles in Drogheda and Austin, who coordinated the supply of these bikes for us.

We are beyond excited about the amazing opportunities this initiative will bring to our students, and we can't wait to take you along on this journey in the months ahead! Stay tuned for more adventures! 🚴✨

Rath na Rothaíochta!Rath na Rothaíochta!Rath na Rothaíochta!
Aib 14
2025
Laethanta Saoire na Cásca/Easter Holidays
Bealt 05
2025
Lá Saoire Bainc/Bank Holiday
Bealt 09
2025
Turas Thar Lear/TY International Trip (Germany and Austria)
Bealt 16
2025
Searmanas na hIdirbhliana/TY Graduation Ceremony
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara