Bhí CGNM lán go béal le boinn an tseachtain seo caite agus lúthchleasaithe na scoile ag buachan ar fud na háite!
Bhí lá rathúil ag foireann lúthchleasaíochta CGNM ag an gcomórtas tras-tíre scoile a bhí á reáchtáil ag Pobalscoil Soird an tseachtain seo caite. Chuaigh 27 daltaí ó Coláiste Ghlór na Mara ann, buachaillí agus cailíní ina measc.
Cúrsa 600m x4 a bhí i gceist, a bhí bog agus fliuch in áiteanna. Ní fada go raibh clábar in ngach áit.
D’éirigh le foireann cailíní Bl1 an tríú áit a bhaint amach sa chéad rás den chomórtas. Lean buachaillí Bl2 ar a sáile, agus d’éirigh leo an chéad áit a bhaint amach i rás na mbuachaillí.
Bhí líon mór boinn againn agus muid ag filleadh abhaile! Míle buíochas le Múinteoirí Marcus agus Rónán Mac Giolla Mheána atá ag obair le lúthchleasaithe na scoile agus an spórt úd ag dul ó neart go neart faoina gcúram!