Coláiste Ghlór na Mara

Pitseanna Dragons Den!

01-Nollaig-23
Pitseanna Dragons Den!

Harry agus Cody breá muiníneach maidir lena bhfiontar!

Bhí muintir na hidirbhliana an-ghnóthach ag déanamh a bpitseanna (cuir i láthair!) gnó inniu.

Bhí na “Dragons” thar a bheith tógtha lena smaointe cruthaitheacha a bhí acu.

Bhí gléasanna feirmeoireachta, earra don spórt, bácáil, seodra, smideadh, gléas chun do spéaclaí a jazzáil suas, acmhainní agus gléasanna do dhaltaí agus do mhúinteoirí, seastáin do sheodra, cluichí boird spóirt agus trí Ghaeilge, coinnle le seodra iontu, leabhair oideas Gaeilge, frámaí athchursáilte le seanfhocail Ghaeilge orthu, deochanna don hiodráitiú, agus sprae gruaig ar chúpla de na smaointe iontacha a bhí ann.

Tá múinteoirí Sinéad, Dara agus Fionnuala spíonta ag dul abhaile tar éis a bheith ag moltóireacht don lá. Píosa codalta ag teastáil sula roghnóidh agus sula bhfógróidh siad na buaiteoirí ach tá siad an-bhródúil as na scileanna fiontraíochta a léirigh gach uile dalta inniu!

Pitseanna Dragons Den!Pitseanna Dragons Den!Pitseanna Dragons Den!Pitseanna Dragons Den!Pitseanna Dragons Den!Pitseanna Dragons Den!Pitseanna Dragons Den!Pitseanna Dragons Den!Pitseanna Dragons Den!Pitseanna Dragons Den!Pitseanna Dragons Den!Pitseanna Dragons Den!
Bealt 16
2025
Searmanas na hIdirbhliana/TY Graduation Ceremony
Bealt 20
2025
Searmanas na Séú Bliana/6th Year Graduation Ceremony
Bealt 26
2025
Scrúduithe an tSamhraidh/Summer Exams
Meith 04
2025
Scrúduithe Stáit/State Examinations (Bliain 3 agus 6)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara