Coláiste Ghlór na Mara

Oíche Oscailte Ghaelcholáiste Dhún Dealgan

29-Meán Fómhair-22
Oíche Oscailte Ghaelcholáiste Dhún Dealgan

Muintir Choláiste Ghlór na Mara ag cabhrú le hoíche oscailte Ghaelcholáiste Dhún Dealgan. Leas-Phríomhoide Caoimhe Hearún ar dheis.

Bhí an chéad lá oscailte ag Gaelcholáiste Dhún Dealgan ar an Déardaoin an 15 Meán Fómhair 2022. Thosaigh an t-ullmhúchán ag tús mhí Mheán Fómhair le cabhair ó chairde Ghaelcholáiste Dhún Dealgan, tuismitheoirí, Conradh na Gaeilge agus gan amhras ón mháthairscoil, Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín.

Thug scoláirí agus múinteoirí an-chabhair do Ghaelcholáiste Dhún Dealgan ceardlanna gníomhacha a chur le chéile. Bhí deis ag Rang a 5 agus a 6 ó Ghaelscoil Dhún Dealgan tráthnóna a chaitheamh sa scoil agus triail a bhaint as Corp Oideachas, Eacnamaíocht Bhaile, Ealaín, Eolaíocht agus Tíreolaíocht. Ardmholadh do na scoláirí bunscoile go léir a bhain triail as gach rud.

Sa tráthnóna, bhí fáilte roimh chách teacht agus féachaint timpeall Ghaelcholáiste Dhún Dealgan. Cé go bhfuil mórán feabhsúcháin fós le déanamh tá tús maith déanta agus is soiléir ón atmaisféar agus spiorad a bhí san áit go mbeidh Robin House ina áit iontach chun oideachas trí Ghaeilge a fháil. Bhí deis ag scoláirí, tuismitheoirí agus caomhnóirí bualadh le Caoimhe (Príomhoide Tánaisteach), Maedhbh (Príomhoide, Coláiste Ghlór na Mara) agus An Foras Pátrúnachta (patrún na scoile). Bhí scoláirí ó Choláiste Ghlór na Mara ina dtreoraithe i rith an tráthnóna agus rinne siad sár-jab.

Seo sampla iontach den tacaíocht agus den roinnt acmhainní a bheidh ar siúl againn le Coláiste Ghlór na Mara i rith na bliana agus sna blianta beaga amach romhainn. Is soiléir gur ar ‘scáth a chéile a mhaireann na daoine’.

D.Fómh 23
2023
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 26
2023
Cruinniú Tuismitheoirí/Parent Teacher Meetings (Bliain 5)
D.Fómh 30
2023
Sos Meán-Téarma/Mid-Term Break
Samh 07
2023
Réamh-bhréagscrúduithe na 6ú Bliana/6th Year Pre-Mocks
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara