Grace ag léimt isteach chuig oíche oscailte 2024!
In ainneoin na báistí lasmuigh, bhí tráthnóna álainn ag pobal uile na scoile aréir ag Oíche Oscailte Choláiste Ghlór na Mara 2024. Cuireadh fáilte roimh dhaltaí ó Rang 4, 5 agus 6, in éineacht lena muintir, chun blaiseadh a fháil de shaol na scoile anseo. Fuair ár gcuairteoirí léargas ar na hábhair éagsúla ar fad agus bhí taispeántais iontacha ar siúl sa roinn Eacnamaíochta Baile agus Chorpoideachais.
Fud fad pasáistí na scoile, bhí ceol binn le cloisteáil. Bhí an grúpa ceoil traidisiúnta á stiúradh ag Múinteoir Turlough agus bhí an pianó á sheinm ag Christian Mac Cathmhaoil. Nach orainn a bhí an t-ádh éisteacht le haíonna ceoil ar nós Emily, Martin, Carla, Doireann, Faolán, Pádraic agus Elliot, le píosaí a d’ullmhaigh siad le Múinteoir Siobhán.
Bhí an-spraoi go deo ar fáil le Múinteoir Ciara agus ár seiteanna VR á n-iniúchadh ag ár gcuairteoirí agus is anseo a cruthaíodh podchraoladh iontach maidir leis an oíche oscailte.
D’eagraigh Múinteoir Fiona Aonach na hIdirbhliana sa leabharlann le daltaí idirbhliana ón mbliain seo caite agus bhí Múinteoir Gavin ar fáil ina oifig chun plé a dhéanamh ar chúrsaí tréadchúraim sa scoil.
Ar ndóigh, thug gach aon duine cuairt ar na seomraí staire, tíreolaíochta, gnó, Gaeilge agus Béarla agus fuair na tuismitheoirí agus daltaí araon deis labhairt lenár múinteoirí iontacha faoin siollabas a bhaineann le gach ábhar.
Thaitin sé go mór le cách dul timpeall ar na saotharlanna, an seomra ealaíne agus an giom, agus bhí Rang Lir oscailte, freisin, chun léargas a thabhairt do chách ar ár dtacaíochtaí breise oideachais sa scoil. Míle buíochas le Hannah Ní Mhordha, Cinnire Spóirt na scoile, a d’oibrigh go crua leis na múinteoirí corpoideachais chun stáisiúin spóirt taitneamhacha a eagrú don halla spóirt.
Seachtain na dTeangacha Eorpacha a bhí ann agus cheapfá gur sa Spáinn a bhí tú sa seomra Spáinnise, le chorizo agus jambón de serrano ar fáil agus Shakira ar siúl sa chúlra. Thuas an staighre, bhí croissants, pain au chocolat, crepes agus Celine Dion faoi lán seoil sa seomra Fraincise! Ní bréag á rá gur chabhraigh Finn Ó hAilpín go mór le muintir na mbunscoileanna barr feabhais a chur ar a gcuid Francise.
Labhair Príomhoide Maedhbh, Múinteoir Bláithín, Múinteoir Fiachra agus Ardchinnire na scoile, Andrew Minto, leis an slua mór agus rinne siad cur síos ar shaol an scoláire i gColáiste Ghlór na Mara. Ar ndóigh, bhí siad féin agus Gráinne, ár rúnaí, ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt ina dhiaidh.
Ag deireadh na hoíche, d’fhág gach duine agus iad sona sásta i ndiaidh buaicphointe na bliana - na manglaim mhata, á eagrú ag Múinteoir Rónán Mac Giolla Mheána agus Robyn, Ellen, Kelly agus Lani. In éineacht leis sin, bhí sólaistí áille ar fáil ó Mhúinteoir Pierce, Tadgh, Jack, Cian agus Ryan, ar nós tae, caife agus sconnaí. Míle buíochas le Múinteoirí Kayleigh agus Andrea a rinne an bhácáil ar fad.
Ba mhaith le foireann CGNM ár míle buíochas a ghabháil leis na cinnirí scoile, na daltaí idirbhliana, agus na daltaí uile a chabhraigh linn chun an ócáid a dhéanamh chomh speisialta. Go raibh míle maith agaibh, tá muid an-bhródúil asaibh. Chomh maith leis sin, go raibh céad míle maith agat, a Mhúinteoir Dara, as ucht a bheith mar mhaor tráchta don oíche san aimsir lofa sin!
Má tá aon duine tar éis cailliúint amach ar an oíche oscailte, is féidir súil a chaitheamh ar leabhrán eolais na scoile anseo.
Tá foirmeacha clárúcháin ar fáil anseo agus glacfar le foirmeacha ó 1ú – 22ú Deireadh Fómhair, 2024, ar a 4.00in.
If you missed out on our open night, please take a look at our prospectus here.
You can access application forms for students entering first year in September 2025 here. We will be accepting application forms from 1-22 October 2024, at 4PM.