Ceol (Bliain 6) ag cabhrú sa tsaotharlann
Bhí áthas an domhain orainn fáilte a chur roimh dhaltaí Rang 4, 5 agus 6 agus a dtuismitheoirí/a gcaomhnóirí chuig Coláiste Ghlór na Mara aréir dár nOíche Oscailte!
Thaitin sé go mór linn an oiread sin aghaidheanna óga a fheiceáil ó Ghaelscoil Bhaile Brigín, Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Gaelscoil Ros Eo, Gaelscoil Bhrian Bóroimhe, Scoil an Duinnínigh, Gaelscoil na Mí agus Gaelscoil na Mara.
Bhí an scoil beo le fuinneamh agus spleodar ó thús deireadh na hoíche! Bhí idir thaispeántais agus imeachtaí sna seomraí ábhair, ceoltóirí fud fad na bpasáistí agus fiú rinceoirí Gaelacha ag cur fáilte roimh ár gcuairteoirí.
Agus, ar ndóigh, ní raibh aon ghanntanas bia blasta ann! Bhí sólaistí den scoth réitithe ag Múinteoirí Orlaith agus Danielle in éineacht leis na daltaí Eacnamaíochta Baile, gan trácht ar mhhanglaim mhata agus chorizo na Spáinne sa seomra Spáinnise ná na crêpes úra sa seomra Fraincise!
Míle buíochas le gach duine a tháinig ar cuairt chugainn agus a chuir le hatmaisféar chomh speisialta sin. Tá súil againn gur bhain sibh an oiread céanna taitnimh as an oíche agus a bhain muidne féin aisti!
Tá na sonraí ar fad maidir le clárú don scoilbhliain 2027–2028 ar fáil anseo.
By using the Coláiste Ghlór na Mara website you agree to our use of cookies as described in our cookie policy.