Coláiste Ghlór na Mara

Oíche Oscailte 2023

22-Meán Fómhair-23
Oíche Oscailte 2023

Grúpa Traid CGNM, Oíche Oscailte 2023

Bhí an oíche oscailte bhliantúil ar siúl ag Coláiste Ghlór na Mara aréir agus bhí ríméid orainn fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh dhaltaí áitiúla ó Rang 4, 5 agus 6, in éineacht lena muintir, chun na scoile.

Fuair gach cuairteoir óg pas agus bhí orthu stampa a fháil do na hábhair go léir timpeall na scoile; aistear a bhí fiúntach agus taitneamhach de bharr na n-imeachtaí dochreidte a bhí ar siúl sna seomraí ranga éagsúla.

IMG_1581.jpeg

Athraíodh an chistin eacnamaíochta baile isteach chuig monarcha cistí don tráthnóna; is anseo a raibh cócaireacht bheo ar siúl agus ghlac neart dár gcuairteoirí páirt sa spraoi. Bhí deis acu go léir dul abhaile leis na bonnóga blasta a chruthaigh siad féin agus bhí boladh álainn ag eitilt tríd na pasáistí dá bharr.

IMG_1521.jpeg

Bhí na Gypsie Kings faoi lán-seoil sa seomra Spáinnise, freisin; áit a raibh tortilla de patatas, chorizo, jamón serrano agus fiú amháin sangría (¡sin alcohol!) ar fáil.

IMG_1526.jpeg

Ní raibh orlach sa seomra ealaíne nach raibh clúdaithe le péint agus ealaíontóirí na scoile ag cabhrú le páistí an cheantair mórshhothair a chur le chéile.

IMG_1550.jpeg

Thug na saotharlanna deis do chách foghlaim faoin eolaíocht sa scoil… agus deis chun aithne a chur ar chnámharlach tí an choláiste, freisin.

IMG_1585.jpeg

I Roinn na Fraincise, bhí Céline Dion le cloisteáil ag canadh faoi bhád éicint, ach ní raibh aon long ag dul faoi sa seomra seo! Crêpes agus croissants a bhí ar fáil anseo ag tús na hoíche ach níor mhair siad i bhfad, faraor!

Bhí cluiche gníomhach den chéad scoth ar siúl sa seomra tíreolaíochta agus bhí tuismitheoirí fiú as Gaelscoil Bhaile Brigín in iomaíocht i gcoinne tuismitheoirí ó Ghaelscoil Ros Eo chun an ceann is fearr a fháil ar a chéile i dtráth na gceist tíreolaíochta. D’éirigh rudaí an-dháiríre ar fad nuair a chuala tuismitheoirí Gaelscoil Bhrian Bóroimhe faoin gcomórtas…

IMG_1532.jpeg

Bhí tochailt agus podchraoladh ar siúl sa rang staire chun agallaimh a chur ar roinnt de na cuairteoirí. Beidh an eachtra seo ina stair amach anseo gan dabht; foinse phríomha a bheidh ann i gceann sé nó seacht mbliana, nuair a bheidh na hagallaithe seo ag tabhairt faoin scrúdú ardteistiméireachta agus iad ag éisteacht siar ar Oíche Oscailte CGNM 2023.

IMG_1564.jpeg

Bhí cluiche na mbrandaí ar siúl sa seomra gnó agus bhí an fuinneamh leictreach le Daniel agus Noya ag stiúradh na n-imeachtaí ann.

Buaicphointe na hoíche, áfach, ná an ceol binn a bhí le cloisteáil fud fad na scoile. Bhí an pianó ar na pasáistí agus is iomaí plódú tráchta a tharla lenár gcuairteoirí ag stopadh chun éisteacht le Lara nó Maeve.

IMG_1547.jpeg

Bhí an grúpa ceoil traidisiúnta ag seinm i gcomhluadar na múinteoirí ceoil agus ní féidir a shéanadh ach go bhfuil an grúpa ag fuaimniú níos fearr ná ariamh. Cheapfá gur Fleadh Cheoil Bhaile Brigín a bhí ann!

IMG_1510.jpeg

Bhí scamall bróin ar an scoil i Mí an Mheithimh 2023 nuair a d’fhág George Division i ndiaidh scrúduithe na hArdteiste, ach bhí GD 2.0 beo beathach aréir le hEnda, Bobby agus Senan ag racáil na bpasáistí. Ba acht amháin iad le linn oíche iomlán d’aíonna ceoil; LillyAnn Ní Sheibhleáin, Alex Ní Shlataire agus Evan Tumbleton i mbun taispeántas chomh maith.

IMG_1591.jpeg

Fuair an-chuid dár ndaltaí deis a spéiseanna féin a roinnt le pobal na scoile: Comhairle na nDaltaí, an club fichille, iar-iarrthóirí Erasmus+ agus réaltaí spóirt san áireamh.

IMG_1562.jpeg

Thaitin Rang Lir go mór le cách; spás sábháilte, sona agus suaimhneach sa choláiste agus thar a bheith fáilteach ar ócáidí mar seo.

IMG_1545.jpeg

Rinne Príomhoide Maedhbh agus Múinteoirí Bláithín agus Fiachra cur i láthair faisnéiseach faoin scoil os comhair an slua san aitriam agus bhí a gcéad óráid ag ardchinnirí na scoile; Colette agus Donnchadh. Ar ndóigh, chuir siad bród ar phobal na scoile go léir.

IMG_1589.jpeg

Ag deireadh an turais timpeall na scoile, bhí sólaistí, tae agus caife ar fáil dúinn go léir; á réiteach ag an roinn eacnamaíochta baile, Múinteoirí Pierce agus Cillian Ó Néill agus cinnirí na séú bliana.

IMG_1507.jpeg

Mar fhocal scoir; gné nua i mbliana a bheidh ag fanacht timpeall do gach oíche oscailte amach anseo ná na manglaim mhata. Cé a cheap go raibh mata chomh spraíúil, suimiúil agus… blasta!

IMG_1504.jpeg

Míle buíochas leis an bhfoireann go léir a chabhraigh ar an oíche, na daltaí iontacha a thug croí agus anam don ócáid agus na cuairteoirí go léir a bhuail isteach chun an scoil a fheiceáil. Tá muid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh arís i Meán Fómhair 2024. Beidh CGNM ag glacadh le hiarratais chun clárúcháin ar 2ú Deireadh Fómhair 2023. Gach eolas thíos:

Cliceáil Anseo: Clárú 2024-2025

Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023Oíche Oscailte 2023
D.Fómh 22
2024
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 5)/Parent Teacher Meetings (5th Year)
D.Fómh 28
2024
Briseadh Meántéarma/Mid-term Break
Samh 18
2024
Scoil Dúnta - Lá Traenála Foirne/School Closed - Staff Training
Samh 25
2024
Scoil Dúnta/School Closed
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Ghlór na Mara