Tar éis oíche oscailte ‘ar líne’ a bheith againn le dhá bhliain anuas, bhí áthas an domhain ar fhoireann CGNM fáilte chroíúil a chur roimh dhaltaí ó Rang 4, 5 agus 6, in éineacht lena dtuismitheoirí agus caomhnóirí chuig ár n-oíche oscailte aréir.
Bhí scoth an cheoil le cloisteáil timpeall na scoile, mar gheall ar ghrúpa ceoil triadisiúnta na scoile thuas staighre, ár ngrúpa rac tí ‘George Division’ thíos staighre agus Lara ar an bpianó san aitriam. Thaitin an amhránaíocht agus an sainchumas sa cheol go mór le gach aon duine ó thús deiridh. Bhí ár ngearrscannáin ‘Siar Chuig na 80í’ (2021) agus ‘Na Commitments’ (2022) á léiriú, freisin.
In ullmhúchán don oíche, d’eagraigh an Roinn Eacnamaíochta Baile cistí agus sconnaí áille agus d’oibrigh ár gCinnirí Daniel, Lia agus Aoife go dian i rith na hoíche chun an bia álainn agus deochanna teo a chur ar fáil don phobal.
Thaitin ár n-áiseanna den scoth go mór lenár gcuairteoirí. Ina measc, an halla spóirt agus an spórtlann, áit a raibh roinnt cluichí agus comórtais ar siúl nuair a bhí ár gcuairteoirí óga ag iarraidh sos ó na turais!
Fuair ár gcuairteoirí go léir seans spaisteoireacht a dhéanamh timpeall na scoile lenár dtreoraithe iontacha ó Bhliain 2, 3 agus 6. Fuair gach duine deis ár seomraí ranga geala agus spásúla a fheiceáil agus thaitin sé go mór leis na gasúir agus daoine fásta araon blaiseadh a fháil dár gcuraclam leathan agus iomlánach. Bhí troscán, bréagáin agus maisiúcháin (déanta ag daltaí na scoile!) le haimsiú sna seomraí teicneolaíochta agus adhmadóireachta, éadaí baile-déanta agus bia blasta le fáil sa seomra eacnamaíochta baile, cluichí na mbrandaí le himirt sa seomra ranga gnó agus i bhfad níos mó. Bhí na saotharlanna plódaithe fiú, don oíche ar fad, mar gheall ar na turgnaimh iontacha a bhí ar siúl iontu!
Fuair na tuismitheoirí deis labhairt lenár múinteoirí mata, Béarla, Gaeilge, staire agus tíreolaíochta maidir leis an siollabas agus céard atá i gceist le gach ábhar, ach chomh maith leis sin, d’fhoghlaim siad faoi na spóirt agus na himeachtaí go léir a chuireann CGNM ar fáil agus iad ag siúl timpeall ag meascadh lenár bhfoireann.
Bhí Rang Lir agus an Leabharlann ar fáil do chuairteoirí i rith na hoíche agus ceann de na buaicphointí ón ócáid ná Caint an Phríomhoide san aitriam. Labhair an Príomhoide, Maedhbh, an Príomhoide Tánaisteach, Fiachra agus ár nArdchinnirí John agus Isabella.
Tá foirmeacha clárúcháin ar fáil anseo. Bí cinnte na foirmeacha a chur i gcló, a líonadh agus na treoracha don chlárúcháin a leanúint idir an 3ú Deireadh Fómhair agus 24ú Deireadh Fómhair 2022. Tá muid ag súil go mór le sibh a fheiceáil arís linn go luath.