Téama 2023: Rockers vs Hippies!
Eagraíodh lá spóirt eile den scoth dúinn ag deireadh na scoilbhliana seo. Is iad na múinteoirí corpoideachais agus spóirt a bhí i gceannas ar an lá speisialta seo, ach le tacaíocht iontach ó dhaltaí na cúigiú bliana a bhainistigh na hionaid éagsúla ar an lá.
Ar ndóigh, bhí na gnáth-imeachtaí ar fáil ar an lá, cosúil le rásaíocht, an léimt ard agus cispheil, ach bhí go leor eile ann, freisin, cosúil le clár dairteanna ollmhór don pheil!
Thaitin sé go mór leis an bpobal scoile dul timpeall ar na himeachtaí éagsúla, fad is go raibh ceol den scoth á chur ar fáil ag DJ Frosty. Bhí 'madraí teo' ar fáil mar phicnic agus fuair gach éinne seans blaiseadh uachtar reoite a fháil, freisin.
Ag an deireadh ar fad, bhí réabh iontach taobh amuigh mar chomórtas idir na 'rockers' agus na 'hippies', an dá théama don lá. Níl muid cinnte fós cé a bhuaigh, ach bhí an chraic agus an t-atmaisféar go hiontach! Ag súil go mór le lá spóirt 2024 cheana féin...