Coláiste Ghlór na Mara

Junk Kouture 2024

11-Márta-24
Junk Kouture 2024

Laoise mar mhainicín san fheisteas a dhear sí féin in éineacht le hEmma dá dtionscnamh Junk Kouture

D'fhreastail Emma Ní Nualláin agus Laoise Ní Mhuircheartaigh ar leathchraobh an chomórtais Junk Kouture an tseachtain seo caite sa Helix in DCU. Chuir 1200 ghrúpa isteach ar an gcomórtas seo i mbliana agus níor éirigh ach le 160 ghrúpa bogadh ar aghaidh chuig an leathchraobh. Bhí lá an-ghnóthach os a gcomhair le hagallaimh leis na meán ar an gceamara, réamhléiriú gléasta agus ag bualadh leis na moltóirí chun an feisteas ‘The Swan Princess’ a phlé.

Bhí an feisteas iomláin seo déanta as boscaí cairtchláir ó gránaigh bricfeasta. D’éirigh leo an struchtúr a fháil ag úsáid fochairpéad a bhí fágtha tar éis urlár adhmaid a chur síos. An inspioráid a bhí acu don bhfeisteas seo ná síocháin, suaimhneas, bailé agus an tsiombail ‘yin yang’.

Chaith Laoise an feisteas don seó an oíche sin agus rinne sí sárjab ag taispeáint gach ghné den gúna. Léirigh sí teachtaireacht agus inspioráid an ghúna le damhsa chuig an t-amhrán ‘Lovely’ le Billie Eilish. Bhí an-chuid screadaíl le cloisteáil ón lucht féachana nuair a bhí sí ar an stáitse. Bhí sé go hálainn roinnt cailíní ó Bhliain 4 agus teaghlaigh Emma agus Laoise a fheiceáil ag teacht chun tacaíocht a thabhairt dóibh.

Níor éirigh leo an craobh a bhaint amach ach gan dabht is féidir linn a rá cé chomh bródúil is atá muid as Laoise agus Emma agus an obair ar fad a chur siad isteach ar an bhfeisteas seo i mbliana! Tá muid ag tnúth go mór leis an modúl ‘Junk Kouture’ a reáchtáil arís an bhliain seo chugainn!

Junk Kouture 2024Junk Kouture 2024Junk Kouture 2024Junk Kouture 2024Junk Kouture 2024Junk Kouture 2024Junk Kouture 2024Junk Kouture 2024
M.Fómh 26
2024
Oíche Oscailte/Open Evening
M.Fómh 30
2024
Scoil Dúnta/School Closed
D.Fómh 17
2024
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 5)/Parent Teacher Meetings (5th Year)
D.Fómh 28
2024
Briseadh Meántéarma/Mid-term Break
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Coláiste Ghlór na Mara