Coláiste Ghlór na Mara

Gradam na hIdirbhliana 2023

25-Bealtaine-23
Gradam na hIdirbhliana 2023

Chuir Múinteoir Fiona, Comhordaitheoir na hIdirbhliana agus Múinteoir Cillian, Ceannaire Bliana, searmanas álainn ar fáil don Idirbhliain inné chun machnamh a dhéanamh ar an mbliain iontach a chaith an dream seo le chéile i gColáiste Ghlór na Mara. Luaigh an Príomhoide an dul chun cinn pearsanta agus an fhorbairt atá déanta ag an ngrúpa seo ó thús deiridh na bliana. Scríobh Lillyann óráid álainn chun ceiliúradh a dhéanamh ar na himeachtaí iontacha a bhí ar siúl chun an idirbhliain áirithe seo a dhéanamh chomh speisialta. Seo é thíos:

'Cuimhní na Bliana' le Lillyann Ní Sheibhleáin

Ceapaim gur féidir le gach uile duine anseo a aontú liom nuair a deirim go raibh na himeachtaí speisialta agus na turais thar oíche mar chuid de na rudaí ab fhearr faoin Idirbhliain. Tá an t-ádh orainn go bhfuil na heispéiris seo ar fáil dúinn anseo i gColáiste Ghlór na Mara; deiseanna nach mbíonn ar fáil in aon scoil eile timpeall.

Thosaíomar an bhliain amach ar nóta fíordhearfach leis an turas go Páirc Tayto. Bhí an chraic agus spraoi againn ar na siamsaí ar fad, agus bhí gach duine ag tnúth leis na himeachtaí a bhí le teacht inár dtreo don bhliain.

Ag deireadh mí Mheáin Fhómhair bhí ar gcéad thuras thar oíche againn; Coláiste Uisce i gContae Mhaigh Eo. Chaitheamar trí lá agus dhá oíche ag tonnmharcaíocht, ag dreapadóireacht, ag sárléim isteach san uisce agus ag damhsa ag an gcéilí. Cé nár thaitin an bia le gach duine (!) bhí an turas fíorthaitneamhach dúinn ar fad.

Bhí mí gnóthach againn i Mí Dheireadh Fómhair. Bhí na héisteachtaí ansin déanta don cheoldráma, agus chuireamar tús leis an tréimhse cleachtadh don seó. Bhíomar fíorghnóthach ag foghlaim na n-amhrán agus na ndamhsaí ar fad, ach bhí an sceitimíní le mothú timpeall na háite. Comh maith leis sin, chuamar ar thuras go dtí “Zip It” i sléibhte Átha Cliath. Bhí ziplíne ar fháil do gach cineál duine, línte éasca do na tosaitheoirí agus línte níos deacra do na saineolaithe. Chuir an rang Carthanachta “Bob nó Bia” ar siúl do muintir na chéad bliana chun airgead a ardú d’ospidéal Shráid an Teampaill.

I mí na Samhna bhí cuairteoirí éagsúla againn ar scoil; nathair nimhe, domhain alla agus laghairt! Tháinig dream na zú-eolaíochtaisteach chun ceardlann a dhéanamh linn le hainmhithe nach bhfeicinn muid gach lá; cé go raibh eagla ar roinnt daoine rompu, faoi dheireadh na ceardlanna bhí cairde nua déanta againn!

Rinneamar ceardlann eile i mí na Samhna, ceardlann gharchabhrach . Is saineolaithe anois muid ar chúrsaí leighis agus cóireála.

I mí na Nollag, chuamar ar thuras thar oíche go dtí Coláiste Feirste i mBéal Feirste. D’fhoghlaim muid faoi na trioblóidí agus na H-Blocanna ó phríomhoide na scoile, agus ina dhiaidh bhí roinnt mhaith craic agus spraoi againn i gCearnóg Victoria, ag na margaí Nollag agus ar ais san óstán comh maith. Ach ní labhróidh muid faoi sin! Rinneamar sár-iarracht lenar mionghnó ag an margadh Nollag sa scoil, agus chuamar ag scátáil oighir chun deireadh deas a chur leis an téarma.

Le linn na bliana, rinneamar dhá tréimhse taithí oibre, agus is ansin a d’fhoghlaim muid faoi na gairmeacha a bheidh ar bun againn sa todhchaí .

Leann an cleachtadh ar fad don cheoldráma ar aghaidh i rith mí Eanáir agus mí Feabhra. Bhíomar ag obair go crua taobh istigh agus taobh amuigh d’uaireanta scoile chun seó foirfe a chur ar stáitse. I mí Feabhra chuamar ar thuras go dtí Maigh Nuad chun “The Adams Family” a fheiceáil, agus cinnte thug sé sin spreagadh dúinn ar fad.

Ba é mí Márta an mí is gnóthach a bhí againn i mbliana. Bhí muid i mbun cleachtadh gach uile lá do “Breáthacht agus an Brúid”. Bhí gach duine ag obair go dian ar stáitse agus taobh thiar, agus faoin am a tháinig an 20ú do mí Márta bhíomar réidh.

Bhí trí lá den chéad scoth againn, agus chuireamar bród an domhain orainn féin, ar ár muintir agus ar an scoil comh maith. D’fhoghlaim muid conas tiomáint a dhéanamh i bPáirc Mondello, agus táimid anois réidh don scrúdú teoirice!

Ag deireadh mí Márta bhí cuairteoirí nua againn sa scoil; ár leathbhádóirí ón bPortaingéil! Caith an rang Erasmus+ seachtain ag roinnt cultúir, ag dul ar thurais agus ag cruthú cairdis láidre lenar gcomhscoláirí.

I mí Aibreáin, bhí an turas is mó don scoilbhliain; an turais thar lear go Barcelona! Chaitheamar ceithre lá agus trí oíche ag déanamh turasóireachta, ag spraoi sa pháirc siamsaíochta agus ag crochadh timpeall lenár gcairde gach oíche i Salou. Is turas den chéad scoth a bhí ann nach ndéanfaimid dearmad air go deo.

Ag tús mí Bealtaine bhí cóisir na bliana againn; an bál idirbhliana sa Bassment i gCill Dhéagláin, Co. na Mí. Bhí sé go hálainn gach duine a fheiceáil gléasta don bhféasta, agus níor stopamar ag damhsa don oíche ar fad. Míle buíochas a Ellie as ucht an ócáid dochreidte a eagrú.

D’eitil an rang Erasmus + go dtí Guimarães sa Phortaingéil chun seachtain spraíúil agus foghlama a chaitheamh lenar bpáirtnéirí. D’fhoghlaim muid faoin gnáth saol agus faoin gcultúr sa Phortaingéil, agus bhíomar go léir fíorbhrónach Guimarães a fhágáil.

An tseachtain seo chaite bhí ar turas thar oíche dheireaneach againn; Gaeltacht Chois Fharraige. Cé nach raibh an aimsir ar ár dtaobh, bhí sé go hálainn turas amháin eile a chaitheamh lena chéile chun críoch foirfe a chur leis an idirbhliain.

Táimid go léir fíorbhuíoch as na deiseanna a cuireadh ar fháil dúinn i mbliana. Bliain dhochreidte a bhí ann nach ndéanfaimid dearmad air go deo.

Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023Gradam na hIdirbhliana 2023
Feabh 04
2025
Bréagscrúduithe/Mocks (Bliain 3 agus 6)
Feabh 17
2025
Briseadh Meántéarma/Mid-term Break
Feabh 27
2025
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 3)/Parent Teacher Meetings (3rd Year)
Már 13
2025
Cruinniú Tuismitheoirí (Bliain 1)/Parent Teacher Meetings (1st Year)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2025 Coláiste Ghlór na Mara