Rang na hArdteiste 2025
Bhí bród an domhain orainn ceiliúradh a dhéanamh ar Rang na hArdteiste 2025 an tseachtain seo agus iad críochnaithe lena gcuid ranganna linn.
Bhí deis againn féachaint ar roinnt físeán a chuir an grúpa le chéile agus turas a ghlacadh siar ar bhóithrín na smaointe. Labhair Múinteoirí Cillian agus Fiachra leis an ngrúpa agus roinn siad moltaí áille dóibh don todhchaí. In éineacht leis sin, bhronn gach dalta bláth ar a muintir chun buíochas a ghlacadh as gach atá déanta dóibh go dtí seo.
I measc na gcuimhní is fearr a bhí ag an ngrúpa, bhí an turas go Béal Feirste, an turas thar lear chuig Barcelona, cluichí a bhuaigh siad thar na mblianta, an malartán Erasmus+ agus ar ndóigh, an ceoldráma draíochtúil: 'Breáthacht agus an Brúid'.
Ní bheidh a leithéid arís ann agus guíonn muid gach rath orthu amach anseo don todhchaí.