Craic agus spraoi ag Gradaim na hIdirbhliana, 2026
Bhí deis againn ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí uile na ndaltaí Idirbhliana an tseachtain seo caite ag searmanas álainn chun críoch a chur le haistear na ndaltaí sa cheathrú bliain.
Bronnadh teastais ar na daltaí bunaithe ar na cúrsaí a rinne siad i rith na bliana agus bronnadh gradaim speisialta ar na daltaí a rinne dul chun cinn eisceachtúil san idirbhliain.
Taispeánadh físeán álainn dúinn a rinne Róisín Ní Chionnaith agus Caoilfhionn Nic Suibhne a léirigh an t-iliomad rudaí a chlúdaigh na daltaí i rith na bliana.
Bhí óraidí deasa ann ó Mhúinteoir Cian agus ó Mhúinteoir Fiona, Comhordaitheoir Cláir, agus bhí ceol binn ann ó Aoibheann Nic Conchra agus Evie Knopfler.
Guíonn muid samhradh suaimhneach, álainn ar na daltaí tar éis bliain mhór oibre agus tá súil in airde againn iad a fheiceáil arís ag tús na cúigiú bliana.
Gradaim:
Spiorad na hIdirbhliana - Ultan Ó Síordáin agus Linda Fuhrmann
Dalta na hIdirbhliana - Cillian Ó Muirí agus Charlotte Taoiling
Forbairt phearsanta is mó - Aaron Ó Néill
Amhránaí is fearr - Evie Knopfler
Aisteoir is fearr - Daniel Minto
Aitheantas mar mhúinteoirí damhsa - Gracie Ní Mhaonaigh, James Ó Cinnéide, Charlotte Taoiling, Layla Fionnaíl