Calum agus Charlie, buaiteoirí 'duo' na bliana!
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar na himeachtaí agus éachtaí iontacha a bhain bliain 4 amach i mbliana, bhí searmanas álainn againn ar scoil inné dóibh.
Bhí áthas agus bród an domhain orainn go raibh ár ndalta Killian Cailloce in ann freastal ar an searmanas. Tá Killian tar éis an bhliain seo a chaitheamh i mbun cúrsa peile leis an FAI! Tá sé dochreidte é a fheiceáil ag bláthú os comhair ár súile! Tá an-mhuinín orainn go gcuirfidh sé bród orainn amach anseo mar eiseamláir do phobal uile na scoile.
Fuair muid an deis réamhamhairc a fháil den scannán ‘Na Commitments’ inné ag an searmanas, sula seolfar go hoifigiúil é an tseachtain seo chugainn. Bhí an scannán dochreidte agus caithfear a rá go bhfuil bua na haisteoireachta ag na daltaí ar fad a bhí páirteach sa scannán ach caithfear a rá go bhfuil bua faoi leith ag Caoimhe Ní Leanacháin a fuair Aisteoir na Bliana inné!
Míle buíochas do gach ball foirne a chabhraigh leis na hullmhúcháin/eagrúcháin don searmanas, freisin.
Cuireann Coláiste Ghlór na Mara an-luach ar ghradaim áirithe do Shearmanas na hIdirbhliana, ina dtugtar aitheantas speisialta do dhaltaí a lonraigh i rith na bliana de bharr cúrsaí éagsúla a chuireann go mór le spiorad agus éiteas na scoile:
Dalta na hIdirbhliana:
Caoilainn Ní Fhoghlú
Gaeilgeoir na Bliana 21/22
Fionn Ó Raghallaigh
Gradam Ceoil na Bliana 21/22
Donnchadh Mac Conchra
Réalt Spóirt na Bliana 21/22
Seán Ó Cróinín
Spiorad an Choláiste 21/22
Cathal Mac Aoidh