Coláiste Ghlór na Mara

Gradaim Bhliain 6 (2022)

23-Bealtaine-22
Gradaim Bhliain 6 (2022)

Sinéad Cinsealach, Rang na Bliana 2022

Ba mhór an onóir dúinn gradaim Bhliain 6 2022 a bhronnadh ar Rang Macha, Danú agus Teamhair inniu. Bhí áthas an domhain orainn fáilte a chur roimh thuismitheoirí agus caomhnóirí daltaí na 6ú bliana ag an ngradam inniu.

Is ceiliúradh a bhí ann ar an eispéireas, an fhorbairt agus an fás atá déanta ag an ngrúpa seo le linn na sé bliana a chaith siad anseo i gColáiste Ghlór na Mara. Táimid an-bhródúil as na héachtaí ar fad atá bainte amach ag an ngrúpa seo. Bliain sibh lán le buanna agus talann.

"Bígí bródúil asaibh féin a chairde, lean an bóthar atá amach romhaibh agus ná déanaigí dearmad cabhair agus tacaíocht a lorg ar an mbealach. Tá todhchaí lán le féidearthachtaí amach romhaibh. Beidh an doras i gcónaí ar oscail daoibh i gCGNM, buailigí isteach." - Múinteoir Siobhán, Ceannaire Bliana.

Míle buíochas don choiste gradaim a chabhraigh go mór leis an ócáid inniu a chur le chéile.

Míle buíochas do gach ball foirne a chabhraigh leis na hullmhúcháin/eagrúcháin don lá inniu, freisin.

Slán agus go n-eirí an bóthar libh ar fad!

Aib 01
2023
Laethanta Saoire na Cásca (Easter Holidays)
Bealt 01
2023
Lá Saoire Bainc (Bank Holiday)
Bealt 02
2023
Scoil Dúnta (School Closed)
Bealt 29
2023
Scrúduithe Tí (In-house exams)
Bóthar na hAille, Baile Brigín, Co. Átha Cliath, K32 WV18.
01 8416269
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Coláiste Ghlór na Mara