An Rang Erasmus+ (Portaingéalach agus Éireannach) 2022-2023
Le Faye Wardell, Bliain 4 (2022-2023)
An tseachtain seo caite chuaigh grúpa d’ochtar duine dhéag ó mhuintir na hidirbhliana ar turas go Guimarães sa Phortaingéil mar chuid den cúrsa Erasmus + 2021-2023. Seo an turas deireanach as ceithre thuras a bhaineann leis an tionscnamh áirithe seo do dhaltaí agus múinteoirí faoin dteideal: 'Turasóireacht Chósta agus Chultúrtha Inbhuanaithe - Conas Iad a Úsáid chun Fostaíocht a Chur Chun Cinn’.
Tá Coláiste Ghlór na Mara ag glacadh páirte i dtionscnaimh éagsúla Erasmus+ ó 2018 ar aghaidh agus tugann na cláir iontacha seo deis don bhfoireann agus do dhaltaí foghlaim luachmhar a dhéanamh ar bhonn idirnáisiúnta. Dírítear ar thopaicí a chabhróidh lenár gceantair agus ár saolta sa todhchaí agus buaileann na grúpaí a bhaineann leis na tionscnaimh i rith na bliana sna tíortha difriúla chun torthaí ár dtaighde a roinnt agus malartáin chultúrtha a thriail.
Le heitilt ó Bhaile Átha Cliath curtha i gcrích againn agus tar éis turas bus 2 uair an chloig a ghlacadh ó aerfort Santiago de Compostela sa Spáinn go dtí Guimarães, bhí sé in am bualadh lenár gcairde Portaingéalacha a bhí ag fanacht le fáilte a chur romhainn ag geataí na scoile. Agus muid tar éis bualadh le teaghlaigh na ndaltaí Portaingéalacha; bhí sé in am dul agus ár mbaile nua don seachtain a fheiceáil.
Tar éis ár codladh na maitheasa a bheith againn, bhí lá gnóthach os ár gcomhair ag dul i dtaithí ar ár gceantar nua, Guimarães. Fuair muid fáilte is fiche ó dhaltaí na scoile a chan roinnt amhráin Portaingéilise dúinn.
Cliceáil Anseo chun físeáin a fheiceáil den amhránaíocht Phortaingéilis
I ndiaidh turas a ghlacadh timpeall na scoile, rinne muid tóraíocht taisce le cúpla iontais ar an mbealach, mar shampla, damhsa traidisiúnta i bpríomhchearnóg an bhaile - á chur ar fáil díreach do mhuintir CGNM. Chomh maith leis sin, chonaic muid cé comh galánta is atá Guimarães, áit bhreithe na Phortaingéile.
Rinne muid níos mó taiscéalaíochta an chéad lá eile, ar an gcathair Porto, ag spaisteoireacht timpeall agus ag tógáil isteach áilleacht an cheantair agus ag foghlaim faoin gcultúr difriúil atá acu. Chun tuilleadh gníomhthaighde a dhéanamh ar ár dtionscnamh, thriail muid roinnt tonnmharcaíochta ar an trá in aice le Porto!
Bhain muid leas as an lá iomlán deireanach a bhí fágtha againn sa Phortaingéil trí níos mó cuimhní a chruthú lenár gcairde Éireannacha agus Portaingéalacha. Chuaigh muid ar thuras sna sléibhte ar charranna cábla agus chonaic muid radharcanna den scoth den Phortaingéil.
Bhí iontais eile ag fanach dúinn ag barr na sléibhte, shuigh muid síos go picnic breá mór agus blasta. Bhí craic agus spraoi againn ag imirt cluichí traidisiúnta Portaingéalacha agus ag glacadh grianghraif le chéile, ach bhí an tuiscint ag teacht orainn go raibh sé beagnach in am chun slán a rá lenár gcairde nua.
Ach roimhe sin bhí seans amháin eile againn an t-am luachmhar a bhí fágtha a chaitheamh lenár gcomhscoláirí Portaingéalacha. Bhí searmanas bronnadh teastais againn, agus is ann a d’ith muid bia deas agus dhamhsaigh muid le chéile isteach san oíche. Fuair Hannah seans a hamhrán 'Tale as Old as Time' a chanadh ón gceoldráma, agus ar ndóigh, bhí na Portaingéiligh beagnach ag caoineadh nuair a chuala siad Lillyann ag canadh 'A Change in Me'.
Sa deireadh thiar thall, bhí sé in am slán a rá. Ní haon áibhéil a rá go raibh an fhágáil mothúchánach, ach bhí an bus ag fanacht orainn agus ní raibh rogha eile againn ach ár gcásanna a lódáil ar an mbus agus lámh a chroitheadh don uair dheireanach.
Cé go raibh ár gcuid ama thart in Guimarães, bhí ceann scríbe eile ag fanacht orainn roimh Bhaile Brigín; Santiago de Compostela sa Spáinn.
Sa chathair naofa seo, chonaic muid an Ardeaglais cháiliúil álainn agus a d’ith muid bia Spáinneach blasta. Rinne muid ar fad machnamh ar cé comh ádhúil is atá muid chun rud nach ndéanfá ach uair amháin i do shaol mar Erasmus+ a dhéanamh.
Mholfainn go mór Erasmus+ a dhéanamh má thagann an deis i do threo. Is eispéireas den scoth é, a thugann deis duit tú féin a fhorbairt mar dhuine comh maith le cairde agus caidrimh nua agus níos láidre a dhéanamh. Is fíor é a rá gur cheann de na buaicphointí de mo shaol scoile go dtí seo é an turas Erasmus+ 2023.
Le Faye Wardell, Bliain 4 (2022-2023)